¶ Síad so anmanna na ndáoine neartṁara do ḃí ag Daiḃi: An Taċmoniteaċ do ṡuiḋ annsa ċaṫaóir, uaċdarán a measg na ccaiptíneaḋ; (do bé sin Adino an Tesniteaċ): do ṫóg sé a ġaṫ a naġaiḋ oċd ccéad, noċ do ṁarḃ sé a néanuáir.
Agus do cuidiġeaḋ léo na naġaiḋ, agus do seaċadaḋ na Hagarítiġ iona láiṁ, agus a nuile ḋuine dá raiḃ na ḃfoċair: Oír do éiġeadar ċum Dé annsa ċaṫ, agus do áontuiġ sé léo; do ḃríġ gur ċuireadar a ndóiġ ann.
Annsa lósin cuiṁdeoċuiḋ an TIĠEARNA áitreaḃṫuiġ Ierusalem; agus biáiḋ an té ḃías lag iona measc an lá sin mar Ḋáiḃi; agus biáiḋ tiġ Ḋáiḃi mar Ḋía, aṁuil aingeal an TIĠEARNA rompa.
Agus déara sé riú, Eistiġ, ó a Israel, ataṫaoi ag dul a niuġ a ndáil ċaṫa a naġuiḋ ḃur naṁad: ná laguiġeaḋ ḃur ccroiḋṫe, agus narab eaglaċ siḃ, agus ná crioṫnuiġiḋ, agus nar mó ḃías úaṫḃás oruiḃ ar a son sin;
Do ḃéara an TIĠEARNA fa deara do naiṁde noċ éirġeas súas ad aġaiḋ do ḃúalaḋ ad laṫair: tiucfaid amaċ a néintsliġe aṁáin ad aġaiḋ, agus teiṫfid roṁad a seaċd sliġṫiḃ.
¶ Agus na ḋíaiġsin do ḃí Samgar ṁac Anat, noċ do ṁarḃ do na Ṗilistíneaċaiḃ sé ċeúd fear le cleiṫprioca daṁ: agus do ṡáor seision Israel mar an gcéadna.
Agus a duḃairt Ionatan ris a nóganaċ do iomċair a airm, Gluáis, agus deanum anonn go gárda na ndáoine neṁṫimċill‐ġeárrṫasa: dob éidir go noibreoċaḋ Día air ar son: óir ní ḃfuil toirṁeasg ar an TTIĠEARNA dídean da ḋéanaṁ lé mórán nó lé beagán.