Anois clanna Israel do réir a nuiḃre, na príoṁaiṫre agus caiptíniġ milteaḋ agus céud, agus a noifigiḋ do rinne serḃís don ríġ a ccúis ar biṫ do na cúrsaḋuiḃ, noċ ṫíaġ a steaċ agus dimṫiġeaḋ amaċ ó ṁí go mí ar feaḋ ṁíos na blíaḋna uile, do ḃí ann gaċ áonċúrsa ḋíoḃ ceiṫre ṁíle ḟiṫċiot.
Marsin do ċoduil Abiiah a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus daḋlaiceadar é a ccaṫruiġ Ḋáiḃí: agus do ríoġuiḋ Asa a ṁac iona aít. Iona laéṫiḃ do ḃí an tír súaiṁneaċ deiċ mblíaḋna.
Aṁuil téid beiṫeaċ síos annsa ġleann, ṫug Spiorad an TIĠEARNA air coṁnuiġ do ḋéanaṁ: is marsin do ṫréoruiġ tusa do ṗobal, do ḋéanaṁ anma glórṁuir ḋuit féin.
Agus a duḃairt sé riú, Atáimsi a niuġ céad agus fiċṫe blíaġain daóis; ní ḟéaduim ní sa ṁó dul a steaċ nó teaċd amaċ: mar an gcéadna a duḃairt an TIĠEARNA riom, Ní raċa tú a nonn tar an Iordán sa.
¶ Mar sin do ġaḃ Iosua an tír uile, do réir a nuile ní dar laḃair an TIĠEARNA re Maóise; agus ṫug Iosua mar oiġreaċd do Israel é do réir a ronna iona ttreaḃuiḃ. Agus do sguir an dúiṫċe do ċogaḋ.
Annois do ḃí Iosua sean, agus ársuiḋ, a mblíaḋnuiḃ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Atá tusa foirfe agus ársuiḋ a mbliaġnuiḃ, agus atá fós roṁóran talṁan re sealḃuġaḋ.
Agus ṫug an TIĠEARNA suáiṁneas dóiḃ timċioll fa gcuáirt, do réir gaċ uile neiṫe dár ṁionnuiġ sé dá naiṫriḃ: agus níor ṡeas duine dá náṁuid rompa: do ṡeaċuid an TIĠEARNA a naiṁde uile ann a láiṁ.
Agus a nois ṫug ḃur TTIĠEARNA Día socaṁal dá ḃur ndearḃráiṫriḃ, mar do ġeall sé ḋóiḃ: annois ar a naḋḃarsin filliḋsi, agus éirgiḋe dá ḃur ttiġṫiḃ, agus go fearann ḃur sealḃa, noċ ṫug Maóise óglaċ an TIĠEARNA ḋaóiḃ don taóiḃ oile do Iordan.
Agus anois, féaċaiḋ, atá an ríġ ag siuḃal roṁuiḃ: agus atáimsi sean agus ceinnlíaṫ; agus, féaċuiḋ, atáid mo ṁic aguiḃ: agus do ṡiuḃail mé roṁuiḃsi óm naóiḋeantaċd gus a niuġ.