Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 22:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus do ḟilleadar clann Reuben agus clann Ġad agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh, agus do ḋealuiġeadar re cloinn Israel as Siloh, noċ atá a ttír Ċanaain, do ḋul go tir Ġilead, go dúiṫċe a seilḃe, noċ do ṡealḃuiġeadar, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA le láiṁ Ṁaóise.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 22:9
19 Iomraidhean Croise  

Agus do rinne sé ríġ ós cionn Ġílead ḋe, agus ós cionn na Nasúríteaċ, agus ós cionn Iesreel, agus ós cionn Eṗraim, agus ós cionn Israel uile.


Agus do áitiġ sé don taóiḃ ṡoir go dul a steaċ an nfásaiġ ó naḃuinn Euṗrátes: do ḃríġ gur ḟoirlíonadar a náirnéis a ḃfearann Gileád.


Is leamsa Gílead, agus is leam Manasseh; sé Eṗraim fós neart mo ċinn; Iudah mo ḋliġṫeaṁnaċ;


Anois do ḃí ro ṁórán áirnéise ag cloinn Reuben agus ag cloinn Ġad: agus a nuáír do ċonncadar fearann Iaser, agus fearann Gilead, féuċ, go raiḃ a náit na háit áirnéisi;


¶ Agus a duḃáirt Maóise riú, Má niṫí an nísi, má ṫig siḃ armṫa roiṁe an TIĠEARNA ċum cogaiḋ,


Agus go ccláoiḋfiġear an dúṫaiġ a laṫair an TIĠEARNA: annsin fillfiġe fá ḋeóiġ, agus beiṫí neiṁċiontaċ a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair Israel; agus biáiḋ an fearannsa na ṡeilḃ aguiḃsi a laṫair an TIĠEARNA.


Béid ar gclann ḃeag, agus ar mná, agus ar ttréáda, agus ar náirnéis uile, annsin a gcaiṫreaċaiḃ Gilead:


Agus a duḃairt Maóise riú, Má ṫiagaid clann Ġad agus clann Réuben liḃ tar Iordan, gaċ éanduine armṫa ċum caṫa, a laṫair an TIĠEARNA, agus go ccloiḋfiġear an tír roṁuiḃ; annsin do ḃearṫáói tír Ġilead ḋoiḃ mar ṡeilḃ:


¶ Agus do aiṫin misi ḋáoiḃ a nuairsin, ḋá ráḋ, Ṫug an TIĠEARNA ḃur Ndía an fearannsa ḋáoiḃ dá ṡealḃuġaḋ: raċṫáoi ṫairis armṫa a laṫair ḃur ndearḃráiṫreaċ clann Israel, a nuile ḋuine dá ḃfuil iomċuḃaiḃ ċum an ċogaiḋ.


Nó go ttugaiḋ an TIĠEARNA suáiṁneas dá ḃur ndearḃraiṫriḃ, coṁmaiṫ agus dáoiḃsi, agus nó go sealḃuiġid síad mar an gcéadna an fearann ṫug an TIĠEARNA ḃur Ndía ḋóiḃ táoḃ ṫall do Iordan: agus annsin fillfiḋe gaċ éanduine aguiḃ ċum a ṡeilḃe, noċ ṫug misi ḋáoiḃ.


Agus do ċuáiḋ Maóise súas ó réiteaċ Ṁoab go slíaḃ Nébo, go mullaċ Pisgah, atá ṫall as coinne Ieriċo. Agus do ṫáisbéin an TIĠEARNA tír Ġilead, uile ḋó, go nuige Dan,


Agus Gílead, agus teóra na Ngesuriteaċ agus na Maaċatíteaċ, agus slíaḃ Hermon uile, agus Basan uile go Sálcah;


Agus do bé a tteóra Iaser, agus caiṫreaċa Ġílead uile, agus leaṫ dúiṫċe ċloinne Ammon, go Haroer atá ás coinne Raabah;


Agus leaṫ Gílead, agus Astárot, agus Edrei, caiṫreaċa do rioġaċd Og a Mbásan, noċ do ḃain re cloinn Ṁaċir ṁíc Manasseh, eaḋon do leaṫ ċloinne Maċir do réir a mumtear.


¶ Agus a núair ṫangadar go brúaċ Iordan, noċ atá a ttír Ċánaain, clann Reuben agus clann Ġad agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh do rinneadar altóir ag Iordan, altóir ṁór re féaċuin uirre.


An sin do ċúadar clann Israel uile amaċ, agus do ċruinniġeadar an coṁċruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile aṁuil éanduine aṁáin, ó Ḋan go Beerséba, maille ré tír Ġilead, ċum an TIĠEARNA a Mispeh.


Do rinne Gílead coṁnuiġe taoḃ ṫall do Iordan: agus cred far ḟan Dan a loingios? do rinne Aser coṁnuiġe ar ṫráiḋ na fairge, agus do ḟan anna ḃéarnuiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan