Agus do roinn sé a measg an ṗobail uile, a measg ċoiṁlín iomláin Israel, do na mnáiḃ fós agus do na fearuiḃ, dá gaċ uile ḋuine bairġin aráin, agus spólla feóla, agus flaigín fíona. Na ḋiáiġ sin dimṫiġ an pobal uile gaċ áon dá ṫiġ féin.
¶ Annsin dfill Dáiḃi do ḃeannuġaḋ a ṫeaġluiġ. Agus ṫáinic Miċal inġean Ṡauil amaċ a ccoinne Daḃi, agus a duḃairt sí, Cread é a ġlórṁuire do ḃí ríġ Israel a niúġ, noċ do noċd é féin a naṁarc ċailíneaḋ a ṡerḃíseaċ, mar noċdus áon do na dáoiniḃ díoṁaóin é féin go míonáireaċ!
Ar a noċdṁaḋ lá do ċuir sé an pobal ar siuḃal: agus do ḃeannuiġeadar an ríġ, agus do ċúadar da lóistíniḃ go súgaċ agus go lúaṫġáireaċ a ccroiḋe ar son gaċ uile ṁaiṫeasa dá ndéarna an TIĠEARNA ar son Ḋáiḃi a ṡearḃḟoġantuiġ, agus ar son a ṗobail Israel.
Oír níor ġlan mórán don ṗobal íad féin, eaḋon mórán do Eṗraim, do Ṁanasseh, do Issaċar, agus do Ṡebulun, giḋeaḋ a dúadar an ċáisg ṫar mar atá scríoḃṫa. Aċt do ġuiḋ Heseciah ar a son, ġa ráḋ, Go maiṫiḋ an TIĠEARNA maiṫ dá gaċ áonduine
Agus do ḃeannuiġ Símeon íad, agus a duḃairt sé ré Muire a ṁaṫairsion, Féuċ, a tá sé so ar na órduġaḋ do ċum tuitme agus eiséirġe ṁóráin a Nisraél; agus na ċoṁarṫa agá gcuirfiṫear na aġaiḋ;
Ann sin do ṫaisbein Samuel don ṗobal moḋ na rioġaċda, agus do scríoḃ a leaḃar é, agus do ċuir a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA é. Agus do ċuir Samuel an pobal uile ar siuḃal, gaċ éinneaċ ḋá ṫiġ féin.
Do ṫoġ Saul ḋó féin trí ṁíle fear do Israel; ionnus go mbeidís ḋá ṁile fear ḋíoḃ a ḃfoċair Ṡauil a Miċmas agus a slíaḃ Ḃétel, agus míle ag Ionatan a Ngibeah Ḃeniamin: agus do ċuir sé an ċuid oile don ṗobal gaċ éan duine ḋá ait féin.
¶ Agus do ḃeannuiġ Eli Elcanah agus a ḃean, agus a duḃairt, Go ttuga Día slioċd duitsi ris an mnaói si ar son a níasaiċd tugaḋ don TIĠEARNA. Agus do ċúadar dá náit féin.