Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 22:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus a nois ṫug ḃur TTIĠEARNA Día socaṁal dá ḃur ndearḃráiṫriḃ, mar do ġeall sé ḋóiḃ: annois ar a naḋḃarsin filliḋsi, agus éirgiḋe dá ḃur ttiġṫiḃ, agus go fearann ḃur sealḃa, noċ ṫug Maóise óglaċ an TIĠEARNA ḋaóiḃ don taóiḃ oile do Iordan.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 22:4
16 Iomraidhean Croise  

Naċ ḃfuil ḃur TTIĠEARNA Día maille riḃ? agus naċ ttug sé suáiṁneas daóiḃ ar gaċ táoḃ? oír ṫug sé dúṫċusaiġ na tíre am láiṁse; agus do gaḃaḋ an dúiṫċe a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair an ṗobail.


Agus a duḃairt seision, Raċuiḋ máġuiḋ leaċd, agus do ḃeura mé súáiṁneas duit.


Ní ḟilleam dar ttiġṫiḃ, nó go sealḃuiġid clann Israel gaċ áon a oiġreaċd féin.


Oír ní ṫangaḃairse fós ċum an tsuáiṁnis agus ċum na hoiġreaċda, do ḃeir an TIĠEARNA ḃur Ndía ḋáoiḃ.


Agus do ġaḃamar a ttír, agus ṫugamar í mar oiġreaċd do na Réubinitiḃ, agus do na Gadítiḃ, agus do leaṫ ṫreiḃe Ṁanasseh.


Nó go ttugaiḋ an TIĠEARNA suáiṁneas dá ḃur ndearḃraiṫriḃ, coṁmaiṫ agus dáoiḃsi, agus nó go sealḃuiġid síad mar an gcéadna an fearann ṫug an TIĠEARNA ḃur Ndía ḋóiḃ táoḃ ṫall do Iordan: agus annsin fillfiḋe gaċ éanduine aguiḃ ċum a ṡeilḃe, noċ ṫug misi ḋáoiḃ.


Oír dá dtugaḋ Iósua suáiṁneas dóiḃ, ní laiḃeóraḋ sé na ḋiáiġ so air lá eile.


Nó go ttuga an TIĠEARNA suaiṁneas da ḃur ndearḃraiṫriḃ, mar ṫug sé ḋíḃsi, agus go sealḃuiġidsion mar an gcéadna an tír ḃeir ḃur TTIĠEARNA Día ḋóiḃ: annsin fillfiḋe dá ḃur ḃfearann sealḃa, noċ ṫug Máoise óglaċ an TIĠEARNA ḋíḃ don táoiḃsi do Iordan leaṫ ré heírġe greine, agus biáiḋ aguiḃ.


Do ḃuáil Maóise óglaċ an TIĠEARNA agus clann Israel íadsin: agus ṫug Maóíse óglaċ an TIĠEARNA sin mar ṡeilḃ do na Reubenítiḃ, agus do na Gadítiḃ, agus do leiṫṫreaḃ Ṁanasseh.


¶ Agus ṫug Máoise do ṫreiḃ ċloinne Réuben oiġreaċd do réir a muintear.


Oír is mar áon ríu do ġaḃadar na Reubenítiġ agus na Gadítiġ a noiġreaċd, noċ ṫug Máoise ḋoiḃ, taoḃ ṫall do Iordan leaṫ ṡoir, eaḋon mar ṫug Máoise óglaċ an TIĠEARNA ḋóiḃ;


Níor ḟágaḃair ḃur ndearḃráiṫre lé mórán do láeṫiḃ gus a niuġ, aċd do ċoiṁlíonaḃair cúram aiṫne ḃur TTIĠEARNA Dé.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan