Agus a duḃairt ríu, Do ċoíṁéadaḃair a núile ní dár aiṫin Maóise serḃíseaċ an TIĠEARNA ḋíḃ, agus do uṁluiġeaḃair dom ġlórsa san nuile ní dár aiṫin mé ḋaóiḃ:
Agus a nois ṫug ḃur TTIĠEARNA Día socaṁal dá ḃur ndearḃráiṫriḃ, mar do ġeall sé ḋóiḃ: annois ar a naḋḃarsin filliḋsi, agus éirgiḋe dá ḃur ttiġṫiḃ, agus go fearann ḃur sealḃa, noċ ṫug Maóise óglaċ an TIĠEARNA ḋaóiḃ don taóiḃ oile do Iordan.