Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 22:27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Aċt ionus go mbíaṫ na ḟíaḋnuisi eadruinn agus siḃsi, agus ar sleaċda ar ndiaiġ, ċor go ndéanmaois serḃís an TIĠEARNA da laṫair fein lér nofráluiḃ loisge, agus ler níoḋbarṫaiḃ, agus ler nofraluiḃ síoḋa; ċor naċ aibeoraḋ ḃur cclannsa re ar gcloinne annsa naimsir ṫiocfass, Ní ḃfuil cuid aguiḃ san TIĠEARNA.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 22:27
14 Iomraidhean Croise  

Agus a duḃairt Lában, Is fiaḋnuisi an leaċdaso éadrum agus tú a niuġ: agus uime sin do goireaḋ Gáleeed dainm ḋe;


Bíoḋ an leaċdasa dfíaġuin, agus bíoḋ an piléirsé dfíaġuin, náċ raċa misi tar an leaċdasa ċugadsa, agus naċ dtiocfa tusa tar an leaċdasa ċugamsa, agus tar an bpiléirse, do ḋéunaṁ doċair.


Isé an TIĠEARNA coṁroinn moiġreaċda agus mo ċupáin: coṫuiġionn tú mo ċrannċair.


Annsa ló sin biáiḋ altóir ag an TTIĠEARNA a meaḋón ṫíre na Hégipte, agus piléur agá himiol don TIĠEARNA.


Ann sin biáiḋ ionad noċ ṫoiġfeas an TIĠEARNA ḃur Ndía do ṫaḃairt fa deara a ainm do aitreaḃ ann; ċum a nionaid sin do ḃeurṫaoi gaċ uile ní dá naiṫniġimsi ḋáoiḃ; ḃur nófrala loiscṫe, agus ḃur níoċbarṫa, agus ḃur ndeaċṁaḋa, agus ofrála togṫa ḃur láṁ, agus ḃur móide uile noċ do ṁóideaḃair don TIĠEARNA:


¶ Agus a núair ṫangadar go brúaċ Iordan, noċ atá a ttír Ċánaain, clann Reuben agus clann Ġad agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh do rinneadar altóir ag Iordan, altóir ṁór re féaċuin uirre.


Uimesin a duḃramairne, Tionnscnam a nois altoír do ċur súas ḋúinn féin, ní ċum ofrála loisge, nó ċum ioḋburṫa:


Uime sin, ar sa sinne, gurob aṁluiḋ ḃías, a nuáir a déaruid síad so rinn, nó rér slioċd annsa naimsir ṫiocfas, go mbiáiḋ aguinne re a ráḋ, Féaċuiḋ saṁlaċus altóra an TIĠEARNA, do rinneádar ar naiṫrenne, ní ċum ofrála loisge, nó ċum ioḋbarṫa; aċd ís fíaḋnuise eadruinne agus siḃsi é.


Agus do ġoireadar clann Reuben agus clann Ġad Ed don naltóir: oir biáiḋsi mar ḟiaḋnuisi éadruinn gur bé an TIĠEARNA as Día ann.


Agus a duḃairt Iosua ris an bpobal uile, Féaċuiḋ, biáiḋ an ċloċso mar ḟiaḋnuisi aguinn; óir do ċúala sí bríaṫra an TIĠEARNA uile noċ do laḃair sé rinne: biáiḋ sí ann sin mar ḟiaḋnuisi oruiḃsi, deagla go séanfaḋ siḃ ḃur Ndía.


Ann sin do ṫóg Samuel cloċ, agus do ṡuiġiḋ í eidir Ṁispeh agus Ṡen, agus do ġoir Eben‐eser dainm ḋi, ġa ráḋ, Go nuige so do ċuidiġ an TIĠEARNA sinn.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan