Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 22:25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Oír do rinne an TIĠEARNA teóra do Iordan eadruinn agus siḃ, a ċlann Reuben agus a ċlann Ġad; ní ḃfuil roinn aguiḃ don TIĠEARNA: marsin do ḃéaruid ḃur gclannsa air ar gcloinne scur deagla an TIĠEARNA do ḃeiṫ orra.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 22:25
13 Iomraidhean Croise  

Agus tárla go raiḃ óglaċ do Ḃelial annsin dar ḃamm Séba, ṁac Biċri, Beniamiteaċ: agus do ṡéid sé stoc, agus a duḃairt, Ní ḃfuil cuid ar biṫ aguinne a Ndáiḃi, ní mó atá oiġreaċd aguinn a mac Iesse: ṫéiġeaḋ, gaċ éanduine dá lóistín féin, O Israel.


¶ Marsin a nuáir do ċonncadar Israel uile naċ ar éist an ríġ riú, do ḟreagair án pobal an ríġ, ḋá ráḋ, Cred an ċuid ronna atá aguinne do Ḋáiḃi? ní mó ata oiġreaċd aguinn a mac Iesse: éirgiḋe dá ḃur lóistiniḃ, a Israel: anois féuċ dot ṫiġ féin, a Ḋáiḃi. Marsin do imṫiġeadar Israel dá lóistiniḃ.


Agus do ḃéara sé Israel úaḋ ar son ṗeacaḋ Ieroboam, noċ do rinne peacaḋ, agus ṫug ar Israel peacaḋ ḋéanaṁ.


Do ċionn peacaḋa Ieroboam noċ do ṗeacaiḋ sé, agus le ttug sé ar Israel peacuġaḋ, tre na ḃrostuġaḋ ler ḃrostuiġ sé an TIĠEARNA Día Israel ċum feirge.


Annsin do ḟreagair misi íad, agus a duḃairt mé ríu, Cuirfe Día neiṁe, air ar naġaiḋ sinn; uimesin sinne a ṡerḃísiġ éireoċum, agus do ḋéanam obair: aċt ní ḃfuil roinn, nó ceart, nó ċiṁniuġaḋ aguiḃsi ann Ierusalem.


Isé an TIĠEARNA coṁroinn moiġreaċda agus mo ċupáin: coṫuiġionn tú mo ċrannċair.


Ní ḃfuil cuíd ná cumann agad ann sa miniosdrálaċdsa: oír ní ḃfuil do ċroiḋe díreaċ a ḃfíaḋnuise Dé.


Agus muna ndeárna sinne é, ar éagla an neiṫesi, ġá ráḋ, Na ḋiáiġ so go naibeóraidís ḃur gclannsa re ár ccloinne, ġá ráḋ, Cred atá ḋáoiḃsi ris an TIĠEARNA Día Israel?


Uimesin a duḃramairne, Tionnscnam a nois altoír do ċur súas ḋúinn féin, ní ċum ofrála loisge, nó ċum ioḋburṫa:


Aċt ionus go mbíaṫ na ḟíaḋnuisi eadruinn agus siḃsi, agus ar sleaċda ar ndiaiġ, ċor go ndéanmaois serḃís an TIĠEARNA da laṫair fein lér nofráluiḃ loisge, agus ler níoḋbarṫaiḃ, agus ler nofraluiḃ síoḋa; ċor naċ aibeoraḋ ḃur cclannsa re ar gcloinne annsa naimsir ṫiocfass, Ní ḃfuil cuid aguiḃ san TIĠEARNA.


Anois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, éisdeaḋ mo ṫiġearna an ríġ briáṫra a ṡearḃḟoġantuiġ. Mas é an TIĠEARNA do ċorruiġ súas am aġaiḋsi ṫú, glacaḋ sé ofráil ċuige: aċd mas íad clanna na ndáoine, go maḋ malluiġ íad a laṫair an TIĠEARNA; oir do ḋíbreadar misi amaċ aniuġ ó ḟanṁuin a noiġreaċd an TIĠEARNA, ġá ráḋ, Eiriġ, aḋair deé oile.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan