22 As fios do ṪIĠEARNA Día na ndee, do ṪIĠEARNA Día na ndee, agus biáiḋ a ḟios ag Israel; más caṫuġaḋ, nó sáruġaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA é, (ná dídiniġ sinn a niuġ,)
Ann sin cluinsi a ḃflaiṫeaṁnus ann hionad coṁnuiġ féin, ag maiṫeaṁ ḋóiḃ, déana agus taḃair da gaċ áon do reir a ṡliġeaċ, a ḃfuil fios a ċroiḋe agadsa; óir is tusa, ṫusa aṁáin, agá ḃfuíl fios croiḋṫeaċ ċloinne na ndaóine uile;
Aċt is aiṫnid duitsi, a ṪIĠEARNA, misi: do ċonnairc tú mé, agus do ḋearḃ tú mo ċroiḋe leaṫ riot: tarruing amaċ íad aṁuil caóiriġ ċum a náir, agus gléus íad fa ċoṁair laói an ṁarḃṫa.
Agus do ḋéana an ríġ dó réir a ṫola féin; agus áirdeoċuiḋ sé é féin, agus méideoċuiḋ sé é féin ós cionn gaċ uile ḋée, agus laiḃeoruiḋ sé neiṫe iongantaċa a naġaiḋ Dé na ndía, agus béaruiḋ sé buáiḋ nó go ccríoċnuiġṫior an nfearg: do ḃríġ gur bé an ní do cinneaḋ do ḋéantar.
Do ḟregair an ríġ do Ḋániel, agus a duḃairt, Is dearḃ, gur Día na ndée ḃur Ndíasa, agus Tiġearna ar ríoġuiḃ, agus foillsiṫeaċ secréideaḋ, ó dfeud tusa an tseicréidse dfoillsiuġaḋ.
Iomċoruiḋ mé díḃḟearg an TIĠEARNA, do ḃríġ gur ṗeacaiḋ mé na aġaiḋ, nó go ttagra sé mo ċúis, agus go mbéara breaṫ ar mo ṡon: do ḃéara sé amaċ ċum an tsoluis mé, agus do ċífiḋ mé a ḋioġrus.
A duḃairt sé ris an treas uáir, A Ṡíomóin, ṁic Ióna, a nionṁuin leaċd misí? Do ġaḃ doilġeas Peadar do ḃríġ go nduḃairt sé ris, A Ṫiġearna, atáfios na nuile neiṫer agadsa; atá a ḟios agad gur ab ionṁuin leam ṫú. A duḃairt Iósa ris, Beaṫuiḋ mo ċáoiriġ.
Oír má rinne mé éugcóir ar boṫ ná éainní do ṫuill bás, ní ḃfuilim ag díultaḋ bás dfaġáil: giḋeaḋ muna ndearna mé áoinné do na neiṫiḃsi éiliġid síad oram, ní ḟéudann áonduine mo ṫíoḋlacaḋ ḋóiḃ. Tíaġuim ar ċomairce Ṡéasair.
Uime sin ar mbeiṫ feasaċ ḋúinn air ḃuirbe an Tiġearna, táirngéamaóid daóime ċum creidṁe, agus as follus do Ḋía sinn; agus atá dóiġ agam go ḃfuilmid follas do ḃur ccoinnsiasuiḃse mar an gcéudna.
Oír an TIĠEARNA ḃur Ndía sé Día na ndée é, agus TTIĠEARNA na Ttiġearna, Día mór, cuṁaċdaċ, agus úaṫḃásaċ, naċ bionn meas aige ar ṗearsannuiḃ, agus naċ gaḃann coṁaiḋ:
Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás; agus tuigfid na heagluiseaċa uíle gur misi sgrúduiġeóir na nduḃán agus na gcroiḋṫeaċ: agus do ḃéur dá gaċ áon aguiḃse réir ḃur ngníoṁarṫaḋ.
Oír ionann dul an neasurramaċd agus peacaḋ piseóguiġ, agus easuṁla ionnán agus éaigceart agus ioḋaláḋraḋ. Do ċionn gur ṫarcuisniġ tú focal an TIĠEARNA, do ṫarcuisniġ seision ṫusa mar an gcéadna ó ḃeiṫ ad ríġ.