Aċt ṫusa, a Ḃet‐lehem Eṗrátah, bíoḋ gur beag ṫú a measg ṁílteaḋ Iúdah, giḋeaḋ tiucfaiḋ asad amaċ ċugamsa úaċdarán ḃias ar Israel; a raiḃ a ḋul amaċ ó a nallód, ó laéṫiḃ ná síorruiḋeaċda.
As fios do ṪIĠEARNA Día na ndee, do ṪIĠEARNA Día na ndee, agus biáiḋ a ḟios ag Israel; más caṫuġaḋ, nó sáruġaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA é, (ná dídiniġ sinn a niuġ,)
Aċd náoṁuíġ an Tíġearna Día ann ḃur gcróiḋṫiḃ: Agus bíġiḋ ullaṁ do ġnáṫ lé freagra ṫaḃairt uáiḃ do gaċ aóinneaċ ṡireas oruiḃ réusun na muiniġne atá aguiḃ maille ré ceannsaċd agus ré faitċeas: