18 Aċt go ḃfillfiḋsi fós a niuġ ó leanmahuin an TIĠEARNA? agus iseaḋ ḃías de, ó rinneaḃairsi tréatuireaċd a naġaiḋ an TIĠEARNA, go mbía sé feargaċ a máraċ re coṁċruinniuġaḋ Israel uile.
Aċt má ḟilltiġesi ar éan ċor ó misi leanṁuin, siḃ féin nó ḃur cclann, agus naċ ċoiṁéudfuiḋe maiṫeanta agus mo statúidiġ noċ do ċuir mé ann ḃur ḃfiaġnuise, aċd imṫeaċd agus dée oile daḋraḋ, agus seirḃís do ḋéanaṁ ḋóiḃ:
Oír do réub sé Israel ó ṫiġ Ḋáiḃi; agus do rinneadar riġ do Ieroboam mac Nébat: agus do ṫarruing Ieroboam Israel ón TIĠEARNA do leanṁuin, agus ṫug orra peacaḋ mór do ṗeacuġaḋ.
¶ Anois déis na huaire ar ḟill Amasiah ó leanṁuin an TIĠEARNA dfealladar na aġaiḋ ann Ierusalem; agus do ṫeiṫ sé go Laċis: aċt do ċuireadarsan na ḋiaiġ go Laċis, agus do ṁarḃadar annsin é.
Agus do ċuir Iosiah ar ccúl a nuile ġráineaṁlaċd as na huile ċríoċuiḃ do ḃean re cloinn Israel, agus do ṫug air an méid do ḃí a laṫair Dísrael foġnaṁ, eaḋon foġnaṁ da TTIĠEARNA Día. Agus air feaḋ a ḃeaṫasan níor sgaradar re leanṁuin an TIĠEARNA, Dia a naiṫreaḋ.
¶ Agus a duḃairt Maóise re Aáron, agus re Heleásar agus re Hitamar, a ṁaca, Ná noċtuiġ ḃur gcinn, narab mó ḃrisfiḋe ḃur néádaċ; deagla go murfiḋe siḃ, agus deagla feirge do ṫeaċd ar an pobal uile: aċd caoindís ḃur ndearḃraiṫre, tiġ Israel uile, an loscaḋ noċ do las an TIĠEARNA.
Agus do ṫuiteadarsan ar a naġaiḋ, agus a duḃradar, A Ḋé, Día spiorad gaca uile ḟéola, an bpeacóċuíḋ áonduine aṁáin, agus an mbía tú feárgaċ ris an bpobal uile?
Oír fillfid síad do ṁae ó misi leanṁuin, ċum serḃísi do ḋéanaṁ do ḋeéiḃ oile: mar sin ḃías fearg an TIĠEARNA ar na lasaḋ ad aġaiḋ, agus léirscriósfa sé ṫú go hobann.
As mar so a deírid íomlán ċoṁċruinniġ an TIĠEARNA, Cread an sarúġaḋsa do rinneaḃairsi a naġaiḋ Dé Israel, a ḃfilleaḋ do leaṫtaoiḃ a niuġ ó leanṁuin an TIĠEARNA, mar do rinneaḃair altóir ḋíḃ féin, ċor go raċaḋ siḃ a ttréatuireaċd a niuġ a naġaiḋ an TIĠEARNA?
Aċ do rinneadar clann Israel sáruġaḋ ansa ní móidiġṫe: óir do ġlae Aċan, ṁac Carmi, ṁic Sabdi, ṁic Serah, do ṫreiḃ Iúdah, don ní ṁóidiġṫe: agus do háḋnah fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ cloinne Israel.
Do ṗeacuiḋ Israel, agus do ṡáruiġeadar mo ċunnraḋsa noċ do aiṫin mé ḋíoḃ: óir do ġlacadar don ní móidiġṫe, do ġadadar mar an ccéadna fós, agus níor léigeadar sin orra, agus do ċuireadar a measg a ccoda féin é.
A nuáir do ċonnairc mé a measc na néadálaċ culaiḋ ḃréaġḋa Ḃabilónta, agus da ċéad secel airgid, agus barra óir, do ċoṁṫrom ċáogad secel, ann sin do ṡantuiġ mé íad, agus rug mé liom íad; agus, féaċ, atáid a ḃfolaċ ansa taluṁ a lár mo loistín, agus an tairgiod faoi.
Ma ḃionn eagla an TIĠEARNA oruiḃ, agus seirḃís do ḋéanaṁ ḋó, agus uṁluġaḋ ḋá ġlór, agus gan caṫuġaḋ a naġaiḋ aiṫeanta an TIĠEARNA, ann sin fanfuiḋ siḃ féin agus an ríġ ḃías ós ḃur ccionn go bunáiteaċ ag leanṁuin ḃur TTIĠEARNA Día.
¶ Agus a duḃairt Samuel ris an bpobal, Ná bíoḋ eagla oruiḃ: (do rinneaḃair na cionta sa uile: giḋeaḋ ná héirġiḋe do leaṫṫaóiḃ ó leanṁuin an TIĠEARNA, aċd aḋraiḋ an TIĠEARNA maille re ḃur nuile ċroiḋe;