Agus do ċuir Maoise ċum an ċogaiḋ iad, míle as gaċ eintreiḃ, íadsan agus Ṗineas ṁac Eleasar an sagart, ċum an ċogaiḋ, leis na hinniliḃ naoṁṫa, agus na stocaiḃ ḟuaimneaċ iona láiṁ.
Anois do ḃí ro ṁórán áirnéise ag cloinn Reuben agus ag cloinn Ġad: agus a nuáír do ċonncadar fearann Iaser, agus fearann Gilead, féuċ, go raiḃ a náit na háit áirnéisi;
Ann sin loirgfe tú, agus spionfa tú, agus fiafróċá tú go frioċnaṁaċ; agus, féuċ, más firinne é, agus, go ḃfuil an ní dearḃṫa, go ndearnaḋ a leiṫéid sin daḋḟuaṫṁaireaċd ḃur measc;
Agus do ṡeas Ṗinehas, mac Eleásaír, ṁíc Aaron, dá laṫair sna laeṫiḃ sin) ga ráḋ, An raċa mé amaċ a rís ċum caṫa a naġaiḋ ċloinne Beniamin mo ḋearḃraṫair, nó an sguirfiḋ mé? Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Imṫiġ súas óir a máraċ toiḃeoruiḋ misi ad láiṁ íad.