Iosua 22:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)11 ¶ Agus do ċúaladar clann Israel ḋá ráḋ, Feuċ, do rínneadair clann Reuben agus clann Ġad agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh altóir ṫall as coinne ḟearuinn Ċánaain, a mbrúaċaiḃ Iordan, mar a ngéaḃaidís clann Israel ṫairis. Faic an caibideil |
Ann sin biáiḋ ionad noċ ṫoiġfeas an TIĠEARNA ḃur Ndía do ṫaḃairt fa deara a ainm do aitreaḃ ann; ċum a nionaid sin do ḃeurṫaoi gaċ uile ní dá naiṫniġimsi ḋáoiḃ; ḃur nófrala loiscṫe, agus ḃur níoċbarṫa, agus ḃur ndeaċṁaḋa, agus ofrála togṫa ḃur láṁ, agus ḃur móide uile noċ do ṁóideaḃair don TIĠEARNA:
Giḋeaḋ, má tá ḃur ḃfearann sealḃa neaṁġlan, annsin éirgiḋ ṫairis go fearann seilḃe an TIĠEARNA, mar a ccoṁnuiġeann tabernacuil an TIĠEARNA, agus glacuiḋ sealḃ ar meascne: aċt na caṫuiġiḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA, agus ná caṫuiġíḋ ar naġaiḋne, ag déanaḋ altóra ḋaóiḃ féin táoḃ amuiġ daltóir ar TTIĠEARNA Dé.