10 ¶ Agus a núair ṫangadar go brúaċ Iordan, noċ atá a ttír Ċánaain, clann Reuben agus clann Ġad agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh do rinneadar altóir ag Iordan, altóir ṁór re féaċuin uirre.
Agus do ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Abram agus a duḃairt, Is dod ṡiolsa do ḃeara mean duṫaiḋsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIĠEARNA, noċ do ṫaisbein é féin dó.
Agus do aṫruiġ sé as sin go slíaḃ táoḃ ṡoir do Ḃétel, agus do ṡuiḋiġ a ṗailliún, ar mḃeiṫ do Ḃetel don táoḃ ṡíar ḋe, agus Hái don táoiḃ ṡoir: agus do rinne altóir annsin don TIĠEARNA; agus do ġoir ar ainm an TIĠEARNA.
¶ Agus do ċúaladar clann Israel ḋá ráḋ, Feuċ, do rínneadair clann Reuben agus clann Ġad agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh altóir ṫall as coinne ḟearuinn Ċánaain, a mbrúaċaiḃ Iordan, mar a ngéaḃaidís clann Israel ṫairis.
Agus do ḟilleadar clann Reuben agus clann Ġad agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh, agus do ḋealuiġeadar re cloinn Israel as Siloh, noċ atá a ttír Ċanaain, do ḋul go tir Ġilead, go dúiṫċe a seilḃe, noċ do ṡealḃuiġeadar, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA le láiṁ Ṁaóise.