Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 21:44 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

44 Agus ṫug an TIĠEARNA suáiṁneas dóiḃ timċioll fa gcuáirt, do réir gaċ uile neiṫe dár ṁionnuiġ sé dá naiṫriḃ: agus níor ṡeas duine dá náṁuid rompa: do ṡeaċuid an TIĠEARNA a naiṁde uile ann a láiṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 21:44
19 Iomraidhean Croise  

Agus do ṫeiṫeadar clann Israel roiṁe Iúdah: agus do ṡeaċuid Día iona láiṁ íad.


Agus cuirfe mé do ṫóranna ón Muir ruáiḋ go nuige fairge na Ḃṗilistineaċ, agus ón díoṫraṁ gus a naḃuinn; óir seaċóduiġ mé áitreaḃuiġ na dúṫaiġ ann ḃur láiṁ: agus díbeóra tú amaċ roṁad íad.


Agus a duḃairt seision, Raċuiḋ máġuiḋ leaċd, agus do ḃeura mé súáiṁneas duit.


Aṁuil téid beiṫeaċ síos annsa ġleann, ṫug Spiorad an TIĠEARNA air coṁnuiġ do ḋéanaṁ: is marsin do ṫréoruiġ tusa do ṗobal, do ḋéanaṁ anma glórṁuir ḋuit féin.


O Aroer, noċ atá ar ḃrúáċ na haḃann Arnou, agus on ċaṫruiġ atá láiṁ ris an naḃuinn, go nuige Gilead, ni raiḃ aon ċaṫair aṁáin róláidir ḋúinn: do ṡeaċuid an TIĠEARNA ar Ndía ḋúinn uile íad:


¶ A nuáir raċus tú amaċ do ċaṫuġaḋ a naġuiḋ do náṁad, agus má ṫug do ṪIĠEARNA Día ad láṁuiḃ íad, agus gur ġaḃ tú íad na mbraiġdiḃ,


Uime sin fágṫar lá suáiṁniosa ag pobal Dé.


Cuiṁniġiḋ na bríaṫra do aiṫin Maóise óglaċ an TIĠEARNA ḋíḃ, ġá ráḋ, Ṫug ḃur TTIĠEARNA Día suáiṁnios daóiḃ, agus ṫug sé an dúiṫċe so ḋíḃ.


Nó go ttuga an TIĠEARNA suaiṁneas da ḃur ndearḃraiṫriḃ, mar ṫug sé ḋíḃsi, agus go sealḃuiġidsion mar an gcéadna an tír ḃeir ḃur TTIĠEARNA Día ḋóiḃ: annsin fillfiḋe dá ḃur ḃfearann sealḃa, noċ ṫug Máoise óglaċ an TIĠEARNA ḋíḃ don táoiḃsi do Iordan leaṫ ré heírġe greine, agus biáiḋ aguiḃ.


¶ Ní ḟéadfuiḋ éanduine seasaṁ ad aġuiḋ ar feaḋ láeṫe do ḃeaṫa: mar do ḃí mé lé Maóise, is mar sin ḃías mé leaċdsa: ní ḟailleoċa mé ort, ní mó ṫréigfios mé ṫú.


¶ Agus do ġaḃ Iosua caiṫreaċa na ríġṫeaḋ sin uile, agus a ríġṫe uile, agus do ḃuáil íad lé fáoḃar au ċloiḋiṁ, agus do scrios ṫrid amaċ íad, mar do aiṫin Maóise seirḃíseaċ an TIĠEARNA.


¶ Mar sin do ġaḃ Iosua an tír uile, do réir a nuile ní dar laḃair an TIĠEARNA re Maóise; agus ṫug Iosua mar oiġreaċd do Israel é do réir a ronna iona ttreaḃuiḃ. Agus do sguir an dúiṫċe do ċogaḋ.


Agus do ṫoirḃir an TIĠEARNA a láiṁ Israel íad, noċ do ḃuáil íad, agus do ṁaḋmuiġ orra go Sídon ṁóir, agus go Misrepot‐maim, agus go gleann Mispeh ṡoir; agus do ḃuáileadar íad, no gur ḟágḃadar gan áon béo ḋíoḃ.


Agus a duḃradar re Iosua, Go deiṁin ṫug an TIĠEARNA an tir uile ionar láṁuiḃ; óir atáid duṫċusuiḋ na tíre uile ag dul a nanḃfainne re eagla roṁuinn.


Agus a nois ṫug ḃur TTIĠEARNA Día socaṁal dá ḃur ndearḃráiṫriḃ, mar do ġeall sé ḋóiḃ: annois ar a naḋḃarsin filliḋsi, agus éirgiḋe dá ḃur ttiġṫiḃ, agus go fearann ḃur sealḃa, noċ ṫug Maóise óglaċ an TIĠEARNA ḋaóiḃ don taóiḃ oile do Iordan.


Agus do ḟilleadar clann Reuben agus clann Ġad agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh, agus do ḋealuiġeadar re cloinn Israel as Siloh, noċ atá a ttír Ċanaain, do ḋul go tir Ġilead, go dúiṫċe a seilḃe, noċ do ṡealḃuiġeadar, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA le láiṁ Ṁaóise.


Agus tárla aimsir ḟada tar éis an TIĠEARNA do ṫaḃairt súaiṁnis Disrael ó na naiṁdiḃ uile timċioll fa gcuairt, gur ḟás Iosua áosta foirfe.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan