Agus do ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Abram agus a duḃairt, Is dod ṡiolsa do ḃeara mean duṫaiḋsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIĠEARNA, noċ do ṫaisbein é féin dó.
Agus go ttuga sé ḋuit beannaċd Abraham, duit féin, agus dot ṡiól maille riot; go ngaḃa tú oiġreaċd na dúṫaiġ ann a ḃfuil tú ad ċoiṁiġṫeaḋ noċ tug Día do Abraham.
Mar sin do ċúadar an ċlann a steaċ agus do ṡealḃuiġeadar an dúiṫċe, agus do ċlaóiḋ tusa ḋóiḃ áitreaḃuiġ na tíre, na Canaanitiġ, agus ṫug tú iona láṁuiḃ íad, maille re na ríġṫiḃ, agus re dáoiniḃ na tíre, go ndéindis ríu mar do ṫoigeóraidis féin.
Agus fúair tú a ċroiḋe fírinneaċ ad ḟiaġnuise, agus do rinne tú cunnraḋ ris, dúiṫċe na Ccanaaniteaċ, agus na Hittiteaċ, agus na Namoriteaċ, agus na Bperisiteaċ, agus na Iebusiteaċ, agus na Girgasiteaċ, do ṫaḃairt dá ṡíol, agus do ċoṁuill tú do ḃríaṫra; óir atá tú fíréanta:
Oír ní re na gcloiḋeaṁ do ġaḃadar oiġreaċd a nfearuinn, agus ní hí a láṁ féin do ṡáor íad: aċt do láṁ ḋeassa, agus do ríġ, agus solus haiġṫe, do ḃríġ go raiḃ tú faḃarṫaċ ḋóiḃ.
Agus ṫáinic mé a nuas dá sáoraḋ as láṁuiḃ na Négiptaċ, agus dá mbreiṫ súas as an tír sin, go fearann maiṫ fairsing, go fearann do ḃeir tuile ḃainne agus ṁeala; go háit na Ccanaaniteaċ, agus na Hititeaċ, agus na Iebusiteaċ, agus na Namoríteaċ, agus na Bperisíteaċ, agus na Hiḃiteaċ.
Agus ṫangadar ann, agus do ṡealḃuiġeadar é; aċd níor úṁluiġeadar dot ġúṫsa, ní mó do ṡiuḃluiġeadar ann do ḋliġeaḋ; ní ḋéarnadar aoinní do nuile ni dar aiṫin tú ḋíoḃ do ḋéanaṁ: uimesin ṫug tú fa deara an tolcsa uile do ṫeaċt orra:
Aiṫin do ċloinn Israel, agus abair riú, A nuáir ṫiucfuiḋe go tír Ċánaain; a sé so an fearann ṫuitfios ċugaiḃsi mar oiġreaċd, eaḋon fearann Ċánaain maille re na ṫeórannuiḃ:
¶ A núair ġearrfas an TIĠEARNA do Ḋía na cineaḋaċa sin amaċ roṁad, mar a raċa tú dá sealḃuġaḋ, agus go ngéaḃa tusa a náit, agus go náitreaḃaiġ tú iona ndúiṫċe;
¶ A nuáir ṫiocfas tú don dúiṫċe do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuit, agus ṡealḃoċus tú í, agus áitreaḃus tú innte, agus déara tú, Cuirfe mé riġ ós mo ċionn, do nós na gcineaḋaċ uile atá um ṫimċioll;
Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Sí so an dúiṫċe do ṁionnuiġ misi do Abraham, do Isaac, agus do Iácob, ġá raḋ, Do ḃéara mé so dot ṡlioċd: ṫug mé ortsa a faicsin red ṡúiliḃ, aċ ní raċa tú inte anonn.
Naċ sealḃoċaiḋ tusa an ní noċ do ḃeir do ḋía Ċemos duit re ṡealḃuġaḋ? Mar sin giḋ bé a rbiṫ ċuirfeas ar TTIĠEARNA Día fein amaċ roṁuinne, sealḃoċuim íad.
A nuáír ṫáinic Iácob a steaċ don Négipt, agus do éiġṁeadar ḃur naiṫre air an TTIĠEARNA, ann sin do ċuir an TIĠEARNA Máoisi agus Aaron ċugaiḃ, noċ ṫug ḃur naiṫre amaċ as an Négipt, agus ṫug orra coṁnuiġe ḋéanaṁ san náitsi.