Go maḋ malluiġe a ḃfearg, óir do ḃí sí niṁneaċ; agus a ndíḃfeirg, óir dó ḃí sí fioċṁar: roinnfiḋ me íad an Iácob, agus scaóilfead ó ċéile íad an Israel.
Agus na caiṫreaċa ḃéarṫáoi uáiḃ béid do ṡeilḃ ċloinne Israel: ón luċd agá ḃfuil mórán do ḃéurṫáoi móran; ón luċd agá ḃfuil beagán, ḃéarṫáoí beagán: do ḃéara gaċ éanduine dá ċaiṫreaċuiḃ do na Leḃítiḃ do réir a oiġreaċda noċ ṡealḃuiġios sé.
Agus is íad so na tíorṫa do buḋ oiġreaċd do ċloinn Israel a ttír Ċanaáín, noċ do roinn Eleasar an sagart, agus Iosua mac Nun, agus cinn aiṫreaċd ṫreaḃ ċloinne Israel, mar oiġreaċd dóiḃ.
Agus tangadar annsin a laṫair Eleasar an sagairt, agus a laṫair Iosua ṁic Nun, agus a laṫair a bpriónsaḋa, ġa ráḋ, Do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁáoise oiġreaċd do ṫaḃairt dúinne a measc ar ndearḃraiṫreaḋ. Uimesin do réir aiṫeanta an TIĠEARNA ṫug sé oiġreaċd dóiḃ a measc ḋearḃraṫar a naṫar.
Síad so na hoiġreaċda, do ranu Eleásar an sagart, agus Iosua ṁac Nun, agus cinn aiṫreaḋ ṫreiḃe ċloinne Israel, mar oiġreaċd le crannċar a Síloh a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA, ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ. Mar sin do ċrioċnuiġeadar roinn na tíre.