Agus a measc na gcaiṫreaċ ḃéarṫáoi do na Leḃítiḃ biáiḋ sé caiṫreaċa ċum dídin, noċ óirdeoċṫáoi don dúnṁarḃṫaċ, ionnus go tteiṫfiḋ sé ċuige: agus cuirfíḋe na cceannsin a dó air ċeaṫraċad caṫair.
Má ċoiṁéadann tú na haiṫeanta so uile dá ndéanaṁ, noċ aiṫniġimsi ḋiot a niuġ, gráḋ do ḃeiṫ agad air do ṪIĠEARNA Día, siuḃal ċoiḋċe iona ṡliġṫiḃ; annsin cuirfe tú trí caiṫreaċa oile a cceann na ttrí gcaiṫreaċsa, ḋuit féin:
Agus ṫug sé do Ċáleb ṁac Ieṗunneh a ċuid a measc ċloinne Iúdah do réir aiṫne an TIĠEARNA do Iosua, eaḋon caṫair Arba aṫair Anac, noċ ar ḃí an caṫair sin Hébron.
Agus ar an ttaóiḃ oile do Iordan láiṁ ré Ieriċo táoḃ ṡoir, do orduiġeadar Béser an sa ḃfásaċ ar an réiteaċ amaċ as treiḃ Reuben, agus Ramot ann Ngílead as treiḃ Ġad, agus Golon a Mbasan as treiḃ Ṁanasseh.
Agus ó ṫreiḃ Naṗtali, Cedes ansa Ġalilé gun a cuimíniḃ, do ḃeiṫ na caṫruiġ ḋídin don marḃṫoír; agus Hammot‐dor gun a cuimíniḃ, agus Cartán gun a cuimíniḃ; trí ċaiṫreaċa.
Agus do ċruinniġ Iosua treaḃa Israel uile go Seċem, agus do ġoir ar ṡinnsioruiḃ Israel, agus ar a gceannuiḃ, agus ar a mbreiṫeaṁnuiḃ, agus ar a noitigeaċaiḃ; agus do ṫaisbéanadar íad féin a laṫair Dé.
Agus do ċúaiḋ Abimeleċ ṁac Ierubbaal go Sċeċem a cceann ḋearḃráiṫreaċ a ṁaṫar, agus do ċoṁráiḋ sé ríu, agus re muinntir ṫiġe aṫar a ṁaṫara uile, ḋá ráḋ,