Agus a duḃairt Elisa riu, Ní hí so an tsliġe, ni mo sí so an ċaṫair: leanuiḋ misi, agus béaruiḋ mé siḃ go nuige an duine íarṫaói. Aċd do ṫreóruíġ sé go Samária íad.
Agus a duḃradur na mná tuismiġe le Ṗárao, Do ċionn naċ ḃfuilid na mná Eaḃruiḋeaċa mar na mnáiḃ Eigipteaċa; óir atáidsion beóḋa, agus beirid suil ṫigid na mná tuismiġe a steaċ ċuca.
Agus mar an gcéudna fós an ṁeirdreaċ Rahab, a né náċ as oibreaċuiḃ do rinenaḋ firéunta í, an tan tug sí aóiḋeaċd do na teaċdaireaḋiḃ, agus do ċuir sí uáiṫe íad a sliġe eile?
Agus do ċuir ríġ Ieriċo fios ċum Rahab, ġá raḋ, Taḃair amaċ na dáoine ṫáinic ċugad, noċ do ċúaiḋ a steaċ ann do ṫiġ: óir is do ḃraṫ na tíre uile ṫangadar.
Agus tarla fa am druite an ġeata, ansa dorċadas, dimṫiġeadar na firsin amaċ: agus ní fios daṁsá, cáit a neaċadar na firsin: cuiriḋ tóruiġeaċd orra go lúaṫ, óir béarṫáoi orra.
¶ Agus biáiḋ an ċaṫair móidiġṫe, í féin, agus a ḃfuil inte, don TIĠEARNA: aṁáin mairfiḋ Rahab an ṁeirdreaċ, í féin agus a ḃfuil na foċair sa tiġ, do ḃríġ gur ḟoluiġ sí na teaċda do ċuireamar uáinn.
Agus dó ċuṁdaiġ Iosua Rahab án ṁéirdreaċ béo, agus muinntir tiġe a haṫar, agus a raiḃ aice uile; agus áitreaḃuiġ sí an Israel gus a niuġ; do ċionn gur ḟoluiġ sí na teaċda, do ċuir Iosua do ḃraṫ Ieriċo.