Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 2:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus do ċuir ríġ Ieriċo fios ċum Rahab, ġá raḋ, Taḃair amaċ na dáoine ṫáinic ċugad, noċ do ċúaiḋ a steaċ ann do ṫiġ: óir is do ḃraṫ na tíre uile ṫangadar.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 2:3
15 Iomraidhean Croise  

Agus táinic a steaċ na ccion ṫrí míosa na ḋiáiġ sin, gur hinniseaḋ do Iudah ag raḋ, Do rinne hinġean Támar meirdreaċus: agus feúċ fós atá sí torraċ o stríopaċus: agus a duḃairt Iudah, Tugṫar amaċ í, agus a loiscṫear í.


Agus a duḃramairne ris, Is dáoine fírinneaċa sinn; ní luċd braṫa sinn:


Agus a duḃradar prionnsuiḋe ċloinne Ammon ré Hanun a ttiġearna, An sáoileann tusa go ttugann Dáiḃi onóir dot aṫair, as a ccuirfeaḋ sé daóine dot ṡólásuġaḋ? naċ é aḋḃar far ċuir Dáiḃi a ṡeirḃísiġ ċugad, do spíonaḋ na caiṫreaċa, agus dá braṫ, agus dá scrios.


Agus a nuáir ṫangadar muinntir Absoloin ċum na mná don tiġ, a duḃradar, Cáit a ḃfuil Ahimaas agus Ionatan? Agus a duḃairt an ḃean riú, Do ċúadar a nonn ṫar an tsruṫan uisge sin. Agus a nuáir do spíonadarsan agus naċ ḃfuáradar íad, dfilleadar go Hierusalem.


Aċt a duḃradar prionnsaḋa ċloinne Ammon re Hánun, An sáoilionn tusa go ḃfuil onóir ag Dáiḃi dot aṫair, as ar ċuir sé luċd coṁḟurtaċda ċugadsa? naċ do spíonaḋ ṫangadar a ṡeirḃísiġ ċugad, agus do ṁilleaḋ, agus do ḃraṫ na tíre?


Go ccoigeoltar an droċ ḋuine a ccoinne láe a naiḋṁillte? béarṫar amaċ íad ċum laói an díoġaltais.


Taḃair amaċ an té do rinne an malluġaḋ táohh amaċ do nfosluingṗurt; agus leagdáois an ṁéid do ċualaíḋ é a láṁa ar a ċíonn, agus cloċaḋ an coṁċruinniuġaḋ uile é.


Ann sin do ċúaiḋ Píoláid amaċ a rís, agus a duḃairt sé ríu, Féuċ, atáim ḋá ṫaḃair so amaċ ċugaiḃ, ionnus go mbíaḋ a ḟios aguiḃ naċ ḃfaġaim cúis ar biṫ air.


Agus ar na ġaḃáil dó, do ċuir sé a bpriosún é, ar na ṫaḃairt dá ċoiṁéud do ċeiṫre ċoíriġṫiḃ do ṡaiġdiúiriḃ; ar mbeiṫ fonn ṁar ḋó ar a ṫaḃairt amaċ ċum an ṗóbail a ndiáiġ ná Cásg.


Agus ar mbeiṫ Dioruáiḋ ar tí a ṫaḃairt amaċ, sa noiḋċe sin féin do ċodail Peadar eidir ḋís saiġdíuir, ar na ċeangal ré ḋá ṡláḃraḋ: agus do ḃádar an luċd coiṁéuda ag coiṁéud an ṗriosúin ag an dorus.


Agus do rinneadar mar sin, agus tugadar na cúig ríġṫe sin ċuige amaċ as a núaṁuiġ, ríġ Ierusalem, ríġ Hebron, ríġ Iarmut, ríġ Laċis agus ríġ Eglon.


Agus do hinnseaḋ do ríġ Ieriċo ḋá ráḋ, Feaċ, tangadar daoine anoċd asteaċ annso ó ċlainn Israel do ḃraṫ na tíre.


Agus do ġlac an ḃean an días fear, agus dfoluiġ sí iad, agus a duḃairt marso, Tangadar dáoine ċugaṁsa, aċ ní eidir mé cá has dóiḃ:


Agus a duḃairt sé ría, Seas a ndorus an ṗuibill, agus is aṁluiġ ḃías, má ṫig duine ar biṫ agus ḟiafroċus díot, agus déarus, An ḃfuil éanduine annso? déara tusa, Ní ḃfuil.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan