23 ¶ Ann sin do ḟilleadar an días fear, agus do ṫuirlingeadar don tslíaḃ, agus do ċúadar ṫairis, agus tangadar go Iosua mac Nun, agus dinniosadar ḋó gaċ éinní da ttárla ḋóiḃ:
Agus do imṫiġeadarsan, agus tangadar fan tslíaḃ, agus do ḟanádar ann sin trí lá, no gur ḟilleadar na lorgairiḋ: agus do iarradar na lorgairiḋ íad ar feaḋ na sliġeaḋ, aċ ní ḟuáradar íad.
A nuáir imṫeoċuiġ, tiocfuiḋe a ccionn daóine socra, agus go dúiṫċe ḟairsing: ṫug Día ann ḃur láṁuiḃ í; áit naċ ḃfuil easḃuiḋ neiṫe ar biṫ uirre dá ḃfuil ar talaṁ.
Agus a duḃradarsan, Eirgiḋe, go ndeaċmaóis súas na naġaiḋ: óir do ċonncamar a ndúiṫċe, agus, féuċ, is ro ṁaiṫ í: agus an ḃfuiltíse ḃur ttaṁ? ná bíoḋ leisg oruiḃ imṫeaċd, agus dui a steaċ do ṡealḃuġaḋ na dúiṫċe.