Muna ḃfoirgníġe an TIĠEARNA an tiġ, is díoṁaóin oibriġid an luċt ḟoirgniġios é: muna ccuṁduiġe an TIĠEARNA an ċaṫair, is go díoṁaóin do ní an fear coiṁéada faire.
Agus meastar uile áitreaḃṫuiġ na talṁan aṁuil neiṁní: agus do ní seision do réir a ṫola féin ar ṡlúaġ neiṁe, agus a measc áitreaḃṫaċ na talṁan: agus ní ḟéadann duine ar bioṫ a láṁ do ċosg, nó a ráḋ ris, Cred do ní tú?
Agus do ċuir Iosua mac Nun días fear amaċ as Sitim do ḃraṫ go secreideaċ, gá ráḋ, Eirġiḋe measuiḋ an dúiṫċe, eaḋon Ieriċo. Agus do imṫiġeadar, agus tangadar go tiġ meirdriġ, dar ḃainm Rahab, agus do ḟosadar ann sin.
Agus do ċuir ríġ Ieriċo fios ċum Rahab, ġá raḋ, Taḃair amaċ na dáoine ṫáinic ċugad, noċ do ċúaiḋ a steaċ ann do ṫiġ: óir is do ḃraṫ na tíre uile ṫangadar.
Agus do ċuireadar clann Dan cúigear dá muinntir as a ttir, dáoine árraċda, ó Ṡórah, agus ó Estaol, do ḃraṫ na tíre, agus dá cuartúġaḋ; agus a duḃradar riú, Eírgiḋe, cúartuiġiḋ an dúiṫċe: agus íadsan a núair ṫangadar go slíaḃ Eṗraim, go tiġ Ṁícah, dfanadar annsin a noiḋċesin.