Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 2:19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus iseaḋ ḃías de, giḋ bé raċus amaċ as doirsiḃ do ṫiġe fan tsráid, biáiḋ a ḟuil ar a ċionn féin, agus béimne neiṁċiontaċ: agus giḋ bé ḃías ad ḟoċairse ann sa tiġ, bíaiḋ a ḟuil air ar gceanne, má ḃeanann láṁ ḋuine ris.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 2:19
23 Iomraidhean Croise  

Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Bíoḋ ṫfuil ar do ċeann féin; do ḟíaḋnuiġ do ḃéul féin ad aġaiḋ, ġá ráḋ, Do ṁarḃ me ungṫaċ an TIĠEARNA.


Ga ṁéid ós a ċionn sin, a nuáir do ṁarḃadar droċ ḋaoine duine fíreunta ann a ṫiġ féin ar a leabuiḋ? naċ íarrfa misi air a naḋḃarsin anois a ḟuilsion as ḃur láṁuiḃsi, agus siḃsi ṫógḃáil do ḋruim na talṁan?


Agus fillfiḋ an TIĠEARNA a ḟuil ar a ċeann féin, nóċ do ṫiomáin ar ḋís do ḋáoiniḃ buḋ fíréanta agus do bfearr ná é féin, agus do ṁarḃ sé íad leis an ccloiḋeaṁ, gan a ḟios ag maṫair Dáiḃi, Abner ṁac Ner, caiptín slóiġ Israel, agus Amasa ṁac Ieter, caiptín slóiġ Iúdah.


Agus biaiḋ a nfuil aguiḃse mar ċoṁarṫa ar na tiġṫiḃ a mbeiṫí: agus a nuáir do ċífe misi a nfuil, raċa mé ṫoruiḃ, agus ní ḃía an ṗláiġ oruiḃ da ḃur marḃaḋ, a nuáir ḃuáilfeas mé críoċ na Hégipte.


Agus glacaiḋ ceanglaċán iosóipe, agus tumaiḋ é san ḃfuil, noċ ḃías annsa ḃaisín, agus buáiliḋ an fárdorus agus an dá ursuinn leis an ḃfuil ḃías annsa ḃáisín; agus ni raċuiḋ áonduine aguiḃ amaċ as dorus a ṫiġe go maidin.


Oír raċaiḋ an TIĠEARNA ar faḋ do ḃúalaḋ na Hégipte; agus a nuáir do ċífe sé a nfuil ar a ḃfárdorus, agus ar a dá ursainn, géuḃuiḋ an TIĠEARNA ṫar a ndorus agus ní léigfe don ṁillteóir teaċd a steaċ ann ḃur ttiġṫiḃ dá ḃur mbúalaḋ.


¶ Agus an duine luiḋeas lé mnáoi a aṫar do léig tarrnoċd a aṫar leis: báiseoċṫar íad a ráon go deiṁin; biaiḋ a ḃfuil orra féin.


¶ Oír gaċ uile ḋuine ṁalluiġeas á aṫair nó a ṁaṫair báiseoċṫar é go deṁin: do ṁalluiġ sé aṫair nó a ṁaṫair; biáiḋ a ḟuil air féin.


An té a tá ar ṁullaċ an tiġe na tiġeaḋ sé a núas do ḃreiṫ neiṫe ar biṫ leis as a ṫiġ:


Agus an tráṫ do ċuireadarsan na aġuiḋ, agus do laḃradar blasṗéime, ar gcroṫaḋ a éudaiġ ḋósan, a duḃairt sé ríu, Bíoḋ ḃur ḃfuil ar ḃur gceann féin; atáimsi glan: ó so súas raċuiḋ mé ċum na Gcineaḋaċ.


Ar a naḋḃarsin cuirim a ḟíaḋnuisi oruiḃse a niuġ, go ḃfuilim glan ó ḟuil na nuile ḋáoine.


A duḃairt Pól ris an gcaiptin agus ris na saiġdiuiriḃ, Muna ḃfanaid so sa luing, ní héidir síḃse ṡáḃáil.


Agus go ḃfuiġṫí annsan mé, gan ḃeiṫ dom ḟiréunntaċd féin, ṫig ón reaċd agám, aċd a nḟiréuntaċd ṫig tré ċréideaṁ Ċriosd, an ḟíréuntaċd atá ó Ḋía tré ċreideaṁ:


An é naċ dtuillfiḋ (do réir ḃur mbaraṁlasa,) an tí ṡaltras Mac Dé fá na ċosuiḃ, agus measus fuil an ċonnarṫa, lér náoṁaḋ é, ḃeiṫ neaṁġlan, agus do ḃeir masla do Spioruid na ngrás, pionús as ró ṁó ná sin?


Annois ar a naḋḃarsin guiḋim siḃ, tugaiḋ ḃur mionna ḋaṁsa fan TTIĠEARNA, ó ṫaisbéan mé cinéul dáoiḃ, go ttaisbéantáoisi mar sin cinéul do ṫiġ maṫarsa, agus coṁarṫa fíre do ṫaḃairt daṁ:


Agus do ḟreagradar na dáoine í, Ar nanum ar ḃur sonsa, muna ḃfoillsiġiḋ tú na gnoṫuiġesi águinn. Agus is aṁluiḋ ḃías, a núair ḃéaras an TIĠEARNA an dúiṫċe ḋúinn, go ndéanum go cinéulta fírinneaċ riotsa.


Agus má ḟoillsiġionn tú ar ngnoṫuiḋne annso, annsin bíam saór ód ṁionnuiḃ ṫug tú oruinn do ṫaḃairt.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan