Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 2:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Féaċ, a núair ṫiocfam don tír, ceingeola tusa an reabog ṡnáiṫe scárláoidesi ansa ḃfuinneóig tre ar léig tú sinne síos: agus do ḃéara tú haṫair, agus do ṁaṫair, agus do ḋearḃraiṫre, agus muintir tiġe haṫar uile, a steaċ ċugad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 2:18
19 Iomraidhean Croise  

Agus do ḋéuna mé cineaḋ mór ḋíot, agus beannóċuiḋ mé ṫú, agus do ḋeuna mé hainm mór; agus biaiḋ tú ad ḃeannuġaḋ:


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Naói, Tárr féin agus do ṫeaġ uile ann sa náirc; óir do ċonnairc mé firéunta ṫú am ḟiaġnuisi annsa ngeinealaċ so.


Oír ciondus ḟéaduimsi fulang an tolc noċ ṫiucfas ar mo ḋaóiniḃ dfaicsin? nó ciondus ḟéaduim scrios mo ċiniḋ dfaicsin?


Agus biaiḋ a nfuil aguiḃse mar ċoṁarṫa ar na tiġṫiḃ a mbeiṫí: agus a nuáir do ċífe misi a nfuil, raċa mé ṫoruiḃ, agus ní ḃía an ṗláiġ oruiḃ da ḃur marḃaḋ, a nuáir ḃuáilfeas mé críoċ na Hégipte.


Is cosṁuil do ṗuisine ré snáiṫe scairléid, agus is deaġṁaiseaċ do ċóṁráḋ: is cosṁuil do ċamóga ara re píosa pomgranaid a stiġ ann do ċiaḃuiḃ.


Annsin do ḃéura an sagart fá deara ḋa éun do ġaḃail beó agus glan, don tí ḃías ré a ġlanaḋ, agus connaḋ cé dair, agus scárláoid, agus íosoip:


Agus glacfuiḋ an sagart crann céadair, agus isóip, agus scárláoid, agus caiṫfiḋ é a lár loiscṫe na colpuiḋe.


Agus leiṫneoċuid siad éadaċ scarláoide orra, foileoċuid siad sin lé folaċ do ċroicniḃ broc, agus cuirfid a ṁaídiḋe a steaċ ann.


Agus a duḃairt Iósa ris, A niuġ ṫárla sláinte don tiġsi, do ḃríġ do ḃfuil seisean fós na ṁac ag Abraham.


Agus ar mbeiṫ ḋó ag coṁráḋ ris, do ċuáiḋ sé a steaċ, agus fuair sé mórán ar gcruinniuġaḋ a gceann a ċéile.


Ar a naḋḃarsa a nuáir sin féin do ċuir me fios ortsa; agus as maiṫ do rinne tú ṫeaċd. Uime sin a nois atámuid uile a ḃfiaḋnuise Dé, ċum eisdeaċda gaċa uile neiṫe do haiṫniġeaḋ ḋiotsa ó Ḋía.


Noċ láiḃéorus bríaṫra riot, ré a slaineóċar ṫú féin agus do ṫiġ uile.


Go dtuguiḋ Tiġearna na trócaire do ṫiġ Onesiṗoruis; óir tug sé fúaraḋ go minic ḋaṁsa, agus níor ġaḃ aḋnaire é f ṡláḃraḋ:


Oír an tan do laḃair Máoise na huile aiṫeanta ris an bpobal uile réir an reaċda, ar nglacaḋ fola láoḋ agus gaḃar ḋó, maille ré huisge, agus ré holuinn ṗurpair, agus ré híosóip, do ċraiṫ sé í ar an leaḃar, agus ar an bpobal uile mar an gcéudna;


Agus a duḃairt sisi, Do reir ḃur mbríaṫar, bíoḋ sé mar sin. Agus do ċuir sí air siuḃal íad, agus dimṫiġeadar: agus do ċeangail sí an corda scárláoide san ḃfuinneóig.


Agus do ċúadar na hóganuiġ do ḃí na luċd braṫá a steaċ, agus tugadar Rahab amaċ, agus a haṫair, agus a maṫair, agus a dearḃraiṫre, agus a raiḃ aice uile; agus tugadar a gáol uile amaċ, agus dfágḃadar taoḃ amuiċ do ċampa Israel íad.


Agus dó ċuṁdaiġ Iosua Rahab án ṁéirdreaċ béo, agus muinntir tiġe a haṫar, agus a raiḃ aice uile; agus áitreaḃuiġ sí an Israel gus a niuġ; do ċionn gur ḟoluiġ sí na teaċda, do ċuir Iosua do ḃraṫ Ieriċo.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan