12 Annois ar a naḋḃarsin guiḋim siḃ, tugaiḋ ḃur mionna ḋaṁsa fan TTIĠEARNA, ó ṫaisbéan mé cinéul dáoiḃ, go ttaisbéantáoisi mar sin cinéul do ṫiġ maṫarsa, agus coṁarṫa fíre do ṫaḃairt daṁ:
Annois ar a naḋḃarsin taḃair ḋamsa Día do ṁionnuiḃ naċ déuna tú bréag riom, ná ré mo ṁac, no ré mac mo ṁic: aċ do réir an ċinéil do rinne misi ort, go ndéuna tusa ḋaṁsa, agus don duṫaiḋ ann ar ḟan tú.
Agus do ḃéur ort a ṁionnuġaḋ treas an TTIĠEARNA, Día niṁe, agus Día na talṁan, naċ dtiuḃra tú bean dom ṁac dinġeanuiḃ na Ccanaaniteaċ, a measc a náitreaḃuim:
Agus do rinne sé fós ceannairg a naġaiḋ Nebuċadnessar, noċ do ḃean Día mar ṁionnuiḃ ḋe: aċt do ríġniḋ sesion a ṁuinéul, agus do ċruaḋuiġ sé a ċroiḋe ó iompóġ ċum an TIĠEARNA Día Israel.
Agus biaiḋ a nfuil aguiḃse mar ċoṁarṫa ar na tiġṫiḃ a mbeiṫí: agus a nuáir do ċífe misi a nfuil, raċa mé ṫoruiḃ, agus ní ḃía an ṗláiġ oruiḃ da ḃur marḃaḋ, a nuáir ḃuáilfeas mé críoċ na Hégipte.
Agus tiucfa á geríċ, má ḟóġlomuid síad go dúṫraċtaċ sliġe mo ṗobail, do ṁionnuġaḋ fám ainmsi, Mairiḋ an TIĠEARNA; mar do ṁúineadarsan dom ḋaóiniḃsi mionnuġaḋ fa Ḃáal, annsin suiḋeoċṫar íad a lár mo ṗobail.
Agus go ccuiṁdeoċṫaoi máṫair béo, agus mo ṁaṫair, agus mo ḋearḃraiṫre, agus mo ḋeirḃṡeaṫraċa, agus gaċ éinní dá ḃfuil aca, agus go saorfuiḋe ar mbeaṫa ó ḃás.
Féaċ, a núair ṫiocfam don tír, ceingeola tusa an reabog ṡnáiṫe scárláoidesi ansa ḃfuinneóig tre ar léig tú sinne síos: agus do ḃéara tú haṫair, agus do ṁaṫair, agus do ḋearḃraiṫre, agus muintir tiġe haṫar uile, a steaċ ċugad.
Agus iseaḋ ḃías de, giḋ bé raċus amaċ as doirsiḃ do ṫiġe fan tsráid, biáiḋ a ḟuil ar a ċionn féin, agus béimne neiṁċiontaċ: agus giḋ bé ḃías ad ḟoċairse ann sa tiġ, bíaiḋ a ḟuil air ar gceanne, má ḃeanann láṁ ḋuine ris.
¶ Aċd a dúḃairt Iosua ris an ndís fear do ċuáiḋ do ḃraṫ na tíre, Eirgiḋe go tiġ na méirdriġ, agus tugaiḋ amaċ as sin an ḃean, agus a nuile ní dá ḃfuil aice, mar do ṁionnuiġeaḃair ḋi.
Agus do ċonncadar an luċd braṫa duine ag teaċd amaċ as an gcaṫruiġ, agus a duḃradar ris, Guiḋmid ṫú, taisbéin dúinn, sliġe ḋul a steaċ na caiṫreaċsa, agus do ḋéanam trócaire ort.
Agus a duḃairt Dáiḃi ris, An ḃféadfa tú misi ḃreiṫ síos ċum na cuideaċda sin? Agus a duḃairt seision, Taḃair do ṁionna ḋaṁ tré Ḋía, naċ muirfe tú mé, agus naċ ttiuḃra tú a láiṁ mo ṁaiġistir mé, agus do ḃéara mé sics go nuige an ċuideaċda ṫú.