Anois isiad so anmanna na ttreaḃ. On ċionn ṫuáiġ go cósda ṡliġe Hetlon, mar ṫéid duine go Hamat, Hasar‐enan, téora Ḋamascus don leaṫ ṫuáiġ, go cósda Hamat; (óir is íad so a ṫáoḃa soir agus síar;) cuid ronna do Ḋan.
Agus do ċuáiḋ cósta ċloinne Dan amaċ ró ġann dóiḃ: uime sin do ċuádur clann Dan súas do ṫroid a naġaiḋ Lesem, agus do ġaḃadar í, agus do ḃúailiodar í lé fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus do ṡealḃuiġeadar í, agus do áitreaḃadar innte, agus do ġoireadar do Lesem, Dan, do reír anma a naṫar Dan.