Agus a ccionn aimsire do eug inġean Suah bean Iúdah; agus do ġlac Iúda meisneaċ ċuige, agus do ċuáiḋ súas go Timnah mar a raiḃ luċd béarrṫa a ċáoraċ, é féin agus a ċara Hírah an Tadullamíteaċ.
Agus géarrfa mé amaċ an táitreaḃṫaċ ó Asdod, agus an té ċongṁas an tslat ríoġa ó Ascelon, agus iompoċa mé mo láṁ a naġaiḋ Ecron, agus imeoċuiḋ fuiġilleaċ na Ḃṗilistineaċ seaċad, a deir an Tiġearna DIA.
Aċ ba mían leis na Hamorítiḃ áitreaḃ do ḋéanaṁ a slíaḃ Héres ann Aialon, agus a Sealbim: giḋeaḋ rugadar láṁa ṫiġe Ioseṗ búaiḋ, ionnus go dtangadar fa ċíos dóiḃ.
¶ Uimesin do ċuireadar airc Dé go Hecron. Agus tárla, mar ṫáinic aire Dé go Hecron, gur éiṁġeadar na Hecronítíġ, ḋá ráḋ, Ṫugadar timċioll airc Dé Israel ċuguinne dar marḃaḋ, agus do ṁarḃaḋ ar muinntire.