Agus do ċuireadar clann Dan cúigear dá muinntir as a ttir, dáoine árraċda, ó Ṡórah, agus ó Estaol, do ḃraṫ na tíre, agus dá cuartúġaḋ; agus a duḃradar riú, Eírgiḋe, cúartuiġiḋ an dúiṫċe: agus íadsan a núair ṫangadar go slíaḃ Eṗraim, go tiġ Ṁícah, dfanadar annsin a noiḋċesin.