Anois ar naḋḃarsin, cuir fios agus cruinniġ ċugamsa Israel uile go slíaḃ Carmel, agus faíḋe Ḃaal ceiṫre ċeúd agus caogad, agus fáiġe na ngarrán ceiṫre ċéud, noċ iṫeas ar ḃórd Iesebel.
Marsin do ċuáiḋ Ahab súas diṫe agus dól. Agus do ċuáiḋ Elias súas go mullaċ Carmel; agus do ṫeilg sé é féin síos ar an ttaluṁ, agus do ċuir a aġaiḋ eidir a ġlúiniḃ.
Atá an talaṁ ag caói agus ag seargaḋ: atá Lebanon náireaċ agus ar na ġearraḋ síos: atá Sáron cosṁail ré díoṫraṁ; agus croiṫiḋ Basan agus Carmel a ttóirṫe ḋíoḃ.
Bláṫoċuiḋ sé go líonṁar, gáirdeoċuiḋ sé fós lé lúaṫġáir agus le céol: do ḃéarṫar glóir Lebanon dó, oirḋearcus Ċarmel, agus Ṡáron, do ċífid síad glóir an TIĠEARNA, agus oirḋearcus ar Ndénne.
Le do ṡearḃḟoġantuiḃ do ṁasluiġ tú an TIĠEARNA, agus a duḃairt tú, Lé hiomad mo ċarbad ṫáinic mé a níos go hárd na slíaḃ, go himliḃ Lebanon, agus géarrfa mé síos crainn árraċda cedair, agus toġa a ccrann giuṁuis: agus raċaiḋ mé a mullaċ a ṫéorann, agus a ḃforaóis a Ċarmel.
Mar ṁairimsi, deir an ríġ, darab ainm TIĠEARNA na slóġ, Go deiṁin mar atá Tabor a measg na sleiḃtiḃ, agus Carmel láiṁ ris an ḃfairge, is marsin ṫiucfas sé.
Agus filliḋ sí leaṫ ré héirġe greíne go Bet‐dagon, agus síniḋ go Sebulun, agus go gleann Iiṗtah‐el bu ṫuáiġ do Ḃet‐emec, agus Neiel, agus téid amaċ go Cábul ar an laíṁ ċlé,
¶ Agus a núair do éiriġ Samuel go moċ do ṫeagṁáil re Saul ar maidin, do hinnseaḋ do Ṡamuel, ġá ráḋ, Ṫainic Saul go Carmel, agus, féuċ, do ċuir sé súas áit ḋó féín, aċd do ċas sé timċioll, agus do ġluais roiṁe síos go Gilgal.