Agus do ḃí tairngṫe ón ttáoiḃ ṫuáiġ, agus do ċuáiḋ amaċ go Hensemes, agus do ċuáiḋ amaċ leaṫ ré Gelilot, noċ atá as coinne ḋula súas Adúmmim, agus do ċuáiḋ síos go cloiċ Ḃohan ṁic Reuben,
Agus do ṡín an téora ar fad go táoḃ Ḃet‐oglah bu ṫuaiġ: agus do ḃí dul amaċ na téorann ar ċúain buḋ ṫuáiġ na fairge sailte ag an gcéann buḋ ḋeas do Iordan: do buḋ é so an cósta ó ḋeas.