Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 18:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus do tairrngeaḋ an téora as sin, agus do ṫimċill sí coirneal na fairge buḋ ḋeas, ón ċnoc atá as coinne Ḃeṫóron buḋ ḋeas; agus do ḃádar a dula amaċ sin ag Ciriat‐baal, (noċ ar bé Ciriat‐iearim), caṫair lé cloinn Iúdah: do buḋ í so an ċeaṫraṁ ṡíar.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 18:14
9 Iomraidhean Croise  

Agus déiriġ Dáiḃi, agus do ċuáiḋ guna raiḃ maille ris dá ṁuinntir ó Ḃaal‐Iúdah, do ṫaḃairt airce Dé a núas as sin, noċ ainmniġear tré ainm ṪIĠEARNA na slóġ, noċ ċoṁnuiġeas idir na ċerubiniḃ.


Círiat‐baal, noċ ar ḃé sin Círiatiearim, agus Rabbah; ḋá ċaṫruiġ gun a mbailtiḃ:


Agus do táirrngioḋ an téora ó ṁullaċ an ċnuic go nuige tobar uisge Neṗtoah, agus do ċuáiḋ amaċ go caiṫreaċaiḃ ṡléiḃe Eṗron; agus do ṫáirngeaḋ an téora go Báalah noċ ar bé Ciriat‐Iarim:


Agus do ċuáiḋ an téora ann sin leaṫ re Lus, go taoiḃ Lus, (noċ ar bé Betel), buḋ ḋeas; agus ṫáinic an téora a núas go Hatarot‐adar, láiṁ ris an gcnoc atá don taóiḃ ó ḋeas do Ḃeṫóran íoċdaraċ.


Agus do ḃí an ċeaṫraṁa buḋ ḋeas ó ċionn Ċiriat‐iearim, agus do ċuáiḋ a téora amaċ ar an ttaóiḃ ṡíar, agus do ċuáiḋ amaċ go tobar na nuisgeaḋ ag Neṗtoah:


Agus do ġluáisiodar clann Israel ar a naġuiḋ, agus tangadair dá gcaiṫreaċaiḃ an treas lá. A nois dob íad a ccaiṫreaċa Gibeon, agus Ceṗirah, agus Beerot, agus Ciriat‐iarim.


Agus do iompoiġ cuideaċda oile ann sa tsliġe go Bet‐óron: agus diompoiġ cuideaċda oile ċum a nimil noċ ḟéaċus go gleann Ṡeboim leaṫ ris an ḃfásaċ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan