11 ¶ Agus ṫug sé amaċ crannċair ṫreiḃe ċloinne Beniamin do réir a muinntear: agus táinic cósta a ccranċar amaċ idír ċloinn Iúdah agus ċloinn Ióseṗ.
Mic Ráċel; Ióseṗ, agus Beniamin.
Agus do rinne sé ríġ ós cionn Ġílead ḋe, agus ós cionn na Nasúríteaċ, agus ós cionn Iesreel, agus ós cionn Eṗraim, agus ós cionn Israel uile.
¶ Ar son na coda oile do na treaḃuiḃ, ón taóiḃ ṡoir gus an taóiḃṡíar biáiḋ roinn ag Beniamin.
¶ Má ċluin tú a ccaṫruiġ dá ḃur gcaiṫreaċuiḃ, noċ ṫug an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit dáitreaḃ innte, ġá raḋ,
¶ Agus do ṫeilg Iosua crainn dúiḃ a Síloh a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA: agus annsin do roinn Iosua an ḟearann ar ċloinn Israel do réir a ronna.
Agus do ḃí a ttéora don taóiḃ ṫuáiġ ó Iordan; agus do ċuáiḋ an téora súas go taóiḃ Ieriċo don taoíḃ ṫuáiġ, agus do ċuáiḋ súas ṫríd na sléiḃtiḃ don táoiḃ ṡíar; agus do ḃí a dula amaċ sin ag fásaċ Ḃet‐aḃen.