Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 18:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus do ċruinniġ coṁċruinniuġaḋ iomlán ċloinne Israel a ḃfocair a ċéile a Sílo, agus do ċuireadur súas tabernacuil an ċoṁċruinniġ ann sin. Agus do claóiḋeaḋ an dúiṫċe rompa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 18:1
26 Iomraidhean Croise  

An tan nar ċoṁnuiġ mé a néaintiġ ó nuáir fá ttug mé clann Israel amaċ as an Négipt, aon gus a niuġ, aċ do ṡiuḃail mé a bpáillinn agus a ló stín.


Agus a duḃairt Ieroboam ré na ṁnaoi, Eiriġ, guíḋim ṫú, agus cuir ṫú féin a naiṫearraċ croṫa, iondus naċ aiṫeantar gur tú bean Ieroboam; agus imṫiġ go Siloh: féuċ, atá annsin Ahiiah an fáiḋ noċ do innis daṁsa go mbéinn am ríġ ós cionn an ṗobailsi.


Agus do rinne bean Ieroboam mar sin, agus déiriġ, agus do ċuáiḋ go Síloh, agus ṫáinic go tiġ Ahiiah. Aċd níor ḃféidir le Ahiiah éinní dfaicsin; óir do ḋruideadar a ṡúile tre ṁéad a aóise.


Marsin do ṫeilg Solaṁ Abiatar amaċ ó ḃeiṫ na ṡagart ag an TTIĠEARNA; go ccoiṁlíonfaḋ sé focal an TIĠEARNA, noċ do laḃair sé a ttaoḃ ṫiġe Eli ann Síloh.


Mar sin do ċúadar an ċlann a steaċ agus do ṡealḃuiġeadar an dúiṫċe, agus do ċlaóiḋ tusa ḋóiḃ áitreaḃuiġ na tíre, na Canaanitiġ, agus ṫug tú iona láṁuiḃ íad, maille re na ríġṫiḃ, agus re dáoiniḃ na tíre, go ndéindis ríu mar do ṫoigeóraidis féin.


Agus do ṫréig sé tabernacuil Ṡilo, an páillíun noċ do ṡuiġiḋ sé a measc a ḋaóine;


Agus do ḃuáil a naiṁde iona ndeireaḋ: ṫug sé scannail ṡíorruiḋe ḋóiḃ.


Annsin do ḋéana misi an tiġse cosṁuil ré Síloh, agus do ḋéana mé an ċaṫairsi na malluġaḋ do uile ċineaḋaċuiḃ na talṁan.


Cred fár ṫairrġir tú a nainm an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Biáiḋ an tiġso cosṁuil re Síloh, agus biáiḋ an ċaṫairsi uáigneaċ gan áitreaḃṫaċ? Agus dó ċruinniġ an pobal uile a naġaiḋ Ieremiah a ttiġ an TIĠEARNA.


Go ttáinic daóine airiġ ó Ṡeċem, ó Ṡíloh, agus ó Ṡamária, eaḋon ceiṫre fiṫċid fear, agá raḃadar a ḃféasóga beárrṫa agus a néaduiġe réubṫa, agus ar na ngearraḋ féin, maille re hofráluiḃ agus túis iona láṁuiḃ, dá ttaḃairt go tiġ an TIĠEARNA.


Agus go ccláoiḋfiġear an dúṫaiġ a laṫair an TIĠEARNA: annsin fillfiġe fá ḋeóiġ, agus beiṫí neiṁċiontaċ a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair Israel; agus biáiḋ an fearannsa na ṡeilḃ aguiḃsi a laṫair an TIĠEARNA.


Noċ do ġlacadar ar naiṫrene agus tugadar leó maille ré Híosa go seilḃ na Gcíneaḋaċ, noċ do ṫeilg Día amaċ as aṁarc ar naiṫreaċ, go laéṫiḃ Ḋáiḃi:


¶ Agus do ḃádar a measc ċloinne Israel seaċd ttreaḃa, naċ ḃfuáir a noiġreaċd.


¶ Agus do éirġiodar na fir, agus do imṫiġeadar rompa: agus do ḟúagair Iosua don ṁuinntir do ċuáiḋ do ṁeas an nfearuinn, ġa ráḋ, Eírġiḋe agus siuḃlaiḋe ṫríd an dúiṫċe, agus measuiḋ í, agus tigiḋ ċugamsa a rís, lé tteilgfe mé crainn ann so ḋíḃ a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA a Síloh.


Síad so na hoiġreaċda, do ranu Eleásar an sagart, agus Iosua ṁac Nun, agus cinn aiṫreaḋ ṫreiḃe ċloinne Israel, mar oiġreaċd le crannċar a Síloh a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA, ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ. Mar sin do ċrioċnuiġeadar roinn na tíre.


Agus do laḃradar ríu a Síloh a ttír Ċánaain, ġa ráḋ, Do aiṫin an TIĠEARNA le láiṁ Ṁaóise caiṫreaċa do ṫaḃairt dúinne do ċoṁnuiġe ionta, maille re na mionḃailtiḃ sin dár náirnéis.


Agus a núair do ċúaladar clann Israel sin, do ċruinniġ coṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel íad feín a gceann a ċéile a Síloh, do ḋul súas do ṫroid na naġuiḋsion.


Giḋeaḋ, má tá ḃur ḃfearann sealḃa neaṁġlan, annsin éirgiḋ ṫairis go fearann seilḃe an TIĠEARNA, mar a ccoṁnuiġeann tabernacuil an TIĠEARNA, agus glacuiḋ sealḃ ar meascne: aċt na caṫuiġiḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA, agus ná caṫuiġíḋ ar naġaiḋne, ag déanaḋ altóra ḋaóiḃ féin táoḃ amuiġ daltóir ar TTIĠEARNA Dé.


Agus do ḟilleadar clann Reuben agus clann Ġad agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh, agus do ḋealuiġeadar re cloinn Israel as Siloh, noċ atá a ttír Ċanaain, do ḋul go tir Ġilead, go dúiṫċe a seilḃe, noċ do ṡealḃuiġeadar, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA le láiṁ Ṁaóise.


Agus do ċuireadar súas dóiḃ féin ioṁáiġ ġráḃálta Ṁícah, noċ do rinne sé, ar fad na haimsire do ḃí tiġ Dé a Sílo.


Agus fuáradar a measc áitreaḃaċ Iabes‐Gílead ceiṫre ċéad maiġdion ógṁná, ag naċ raiḃ fios fir le luiġe re fear ar biṫ: agus tugadar leó íad don ċampa go Síloh, noċ atá a ttír Ċánáan.


Ann sin a duḃradarsan, Féaċ, atá féasta don TIĠEARNA a Síloh gaċa bliaḋna noċ atá don táoḃ ṫuáiġ do Ḃetel, don táoḃ ṡoir don tsliġe ṁóir noċ téid súas ó Ḃetel go Sċeċem, agus táoḃ ó ḋeas do Lebonah.


¶ Agus a nuair do ḃean do ċíġ é, rug sí lé súas é, maille re trí bulóguiḃ, agus eṗah ṗlúir, agus buidéul fíona, agus rug go tiġ an TIĠEARNA a Síloh é: agus do ḃí an leanaṁ óg.


Agus do ṫiaġ an fearsa súas as a ċaṫruiġ féin gaċa bliaḋna daḋraḋ agus do ḋéanaṁ íoḋbarṫa do Ḋía na slúaġ a Síloh. Agus dob íad dís mac Elí, Hoṗni agus Ṗineas, bá sagairt an TIĠEARNA ann sin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan