Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 17:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus do ṫuit deiċ ccoda ċum Manasseh, táoḃ amuiċ dfearann Ġíléad agus Básan, noċ ḃí ar an ttaóiḃ oile do Iordan;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 17:5
9 Iomraidhean Croise  

Agus láiṁ ré téoruinn Naṗtali, ón táoiḃ ṡoir gus an dtaóiḃ ṡíar, cuid ronna do Ṁanasseh.


Agus Gílead, agus teóra na Ngesuriteaċ agus na Maaċatíteaċ, agus slíaḃ Hermon uile, agus Basan uile go Sálcah;


¶ Agus do laḃradar clann Ioseṗ re Iosua, ḋá ráḋ, Cred as naċ ttug tú ḋamsa aċd éanċuid ronna agus éanċrannċair aṁáin a noiġreaċd, ó táim mórán daóine, do ḃríġ gur ḃeannuiġ an TIĠEARNA mé go ttí so?


Agus tangadar annsin a laṫair Eleasar an sagairt, agus a laṫair Iosua ṁic Nun, agus a laṫair a bpriónsaḋa, ġa ráḋ, Do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁáoise oiġreaċd do ṫaḃairt dúinne a measc ar ndearḃraiṫreaḋ. Uimesin do réir aiṫeanta an TIĠEARNA ṫug sé oiġreaċd dóiḃ a measc ḋearḃraṫar a naṫar.


Do ḃríġ go ḃfúaradar ínġeana Ṁanasseh oiġreaċd a measc a ṁac: agus go ḃfúaradar an ċuid oile do ṁacaiḃ Ṁanasseh fearann Gilead.


Annois ṫug Maóise sealḃ do leiṫṫreiḃ Ṁanasseh a Mbásan: aċ don leiṫṫreiḃ oile ḋíoḃ ṫug Iosua a measc a ndearḃráiṫreaċ don taóiḃsi do Iordan leaṫ ṡiar. Agus a nuáir do ċuir Iosua ar siuḃal íad sin fós dá loistíniḃ, annsin do ḃeannuiġ sé íad,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan