Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 17:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus a duḃradar clann Ioseṗ, Ní lór an cnoc ḋúinn: agus ṫairis sin atáid carbuid íaruinn ag na Canaanítiġ uile áitreaḃas a ḃfearann an ġleana, ag an luċd atá do Ḃetsean gun a bailtiḃ, agus an luċd atá do ġleann Iesreel.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 17:16
20 Iomraidhean Croise  

Agus tárla ar a ḃfadsin, go raiḃ neaṁ dorċa lé néulluiḃ agus lé gaoiṫ, agus do ḃí fearṫuinn roṁór ann. Agus do ċuáiḋ Ahab na ċarbad, agus do ċuáiḋ sé go Iesreel.


Agus do ḃí láṁ an TIĠEARNA ar Elias; agus do ċriosluiġ sé súas a leasraċ, agus do rioṫ roiṁe Ahab go dul a steaċ go Iesreel.


Agus tárla a ndiáiġ na neiṫeannsa, go raiḃ fíneaṁuin ag Nábot an Tiesreelíteaċ, noċ do ḃí ann Iesreel, láiṁ ré palás Ahab ríġ Samária.


Agus do laḃair an TIĠEARNA ar Iesebel mar an gcéadna, ġá ráḋ, Iosuid na madruiġ Iésebel láiṁ re balla Iesreel.


Baana mac Ahilud; as ris do ḃean Taanaċ agus Megiddo, agus Betsean uile, noċ atá láiṁ re Sartana taóiḃ ṡíos do Iesreel, ó Ḃet‐sean go Habelmeholah, go nuige táoḃ ṫall do Iocneam:


Agus íosuid na madruiḋ Iesebel a mír Iesreel, agus ní ḃiáiḋ áonduine aḋlacas í. Agus dfoscuil se an dorus, agus do ṫeiṫ sé.


Agus biáiḋ conablaċ Iesebel aṁuil áoileaċ ar aġaiḋ na talṁan a ngárḋa Iesreel; iondus naċ aibeóruid siád, Si so Iesebel.


Uimesin, féuċ, tiucfaid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, iona ttiuḃra misi fa deara caismirt ċogaiḋ do ċluinsion ann Rabbah na Nammoníteaċ; agus biáiḋ sí na cárn ḋólásaċ, agus loisgfiġear a hinġeana le teine: annsin biáiḋ Israel na oiġre air an luċt do ḃí na noiġriġiḃ airsion, a deir an TIĠEARNA.


Agus Iesreel, agus Iocdeam, agus Sanoah,


Agus fúair Manasseh a Nissaċar agus a Naser Betsen agus a bailte, agus Ibleam agus a bailte agus dúṫċusaiġ Dor agus a bailte, agus dúṫċusaiġ Endor agus a baílte, agus dúṫċusaiġ Taanaċ agus a bailte, agus dúṫċusaiġ Megiddo agus a bailte, trí tíorṫa.


Agus do ḟreagair Iosua íad, Má tá tú mórán daóine, éirġiḋe súas don tír ċoillteaṁuil, agus gearr síos duit féin annsin a nduiṫċe na Bperisíteaċ agus na naiṫeaċ, má tá slíaḃ Eṗraim ro ċuṁang agad.


Agus do laḃair Iosua re tiġ Ióseṗ, re Heṗraim agus re Manasseh, ġa ráḋ, Is daóine móra siḃsi, agus atáid cuṁaċda móra aguiḃ: ní táoḃa ré éanċuid aṁáin ḃías tú:


Aċt buḋ leaċd an slíaḃ; óir is coill é, agus gearrfa tú síos í: agus buḋ leaċd a dula amaċ: óir cuirfiḋ tú na Canaanítiġ amaċ, bíoḋ go ḃfuílid carbaid íaruinn aca, agus bíoḋ go ḃfuilid láidir.


Agus do ḃí a tteóra leaṫ re Iesreel, agus Ċesullot, agus Sunem,


Agus do ḃí an TIĠEARNA re Iúdah; agus do ḋíbir sé amaċ áitreaḃuiġ an tsléiḃe; aċd níor ḟéad sé áitreaḃuiġ an ġleanna do ḋíbirt, do ċionn go raiḃ carbuid íaruinn aca.


Agus do ċruinniġ Sisera a ḃfoċair a ċéile a ċarbuid uile, eaḋon naói gcéad carbad íaruinn, agus a nuile ḋuine da raiḃ na ḟoċair, ó Hasoret na Ngeinteaḋ go nuige a naḃuinn Císon.


Agus déiġṁeadar clann Israel ċum an TIĠEARNA: óir do ḃí aige naói gcéud carbad íaruinn; agus do ṡáruiġ sé go hanṁór clann Israel ḟiṫċe ḃaḋan.


¶ Annsin do ḃádar na Mídíanuiġ uile agus na Hamalecitiġ agus clanna a noirṫear ar na gcruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile, agus do ċúadar anonn, agus do ṡuiġeadar a ngleann Iesreel.


Anois do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ a sluaġ uile a gcionn a ċéile go Haṗec: agus do ḃí Israel a ccampa láiṁ re tobar atá ann Iesreel.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan