Agus do ċonnairc sé gur ṁaiṫ an ní suaíṁneas, agus an duṫaiġ gur taitneaṁaċ é; agus do ċláon a ġuala diomċur úaluiġ, agus táinig na ṡerḃiseaċ do áirdċios.
¶ Agus níor ḋíbir siad amaċ na Cananítiġ do ċoṁnuiġ a Ngéser: aċd do áitreaḃadar na Cananítiġ a measc na Neṗraimíteaċ gus a niuġ, agus foġnuid faoi áirdċíos dóiḃ.
¶ Ni mó do ḋíbir Naṗtali áitreaḃuiġ Ḃet‐semes, no áitreaḃaiġ Ḃetanat; aċd do áitriḃ sé a measc na Ccanaaníteaċ, áitreaḃúiġ an nfearuinn: giḋeaḋ do ḃádair aítreaḃaiġ Ḃet‐semes agus Ḃet‐anat fá ċíos dóiḃ.
Aċ ba mían leis na Hamorítiḃ áitreaḃ do ḋéanaṁ a slíaḃ Héres ann Aialon, agus a Sealbim: giḋeaḋ rugadar láṁa ṫiġe Ioseṗ búaiḋ, ionnus go dtangadar fa ċíos dóiḃ.