Oír do ḃádar clann Ioseṗ na dá ṫreiḃ, Manasseh agus Eṗraim: ar a naḋḃarsin ní ṫugadar roinn ar biṫ do na Leḃitiḃ annsa tír, aċd caiṫreaċa do ċoṁnuiḋe ionta, maille re na ḃfoḃailtiḃ dá náirnéis agus da máoin.
¶ Agus do laḃradar clann Ioseṗ re Iosua, ḋá ráḋ, Cred as naċ ttug tú ḋamsa aċd éanċuid ronna agus éanċrannċair aṁáin a noiġreaċd, ó táim mórán daóine, do ḃríġ gur ḃeannuiġ an TIĠEARNA mé go ttí so?