¶ Agus tárla na ḋiáiġso, gur éiriġ cogaḋ ann Géser ris na Ṗilistíniḃ; annsa namsin Sibbeċai an Hussatíteaċ do ṁarḃ sé Sippai, noċ do ḃí do ċloinn a naiṫiġ: agus do claóiḋeaḋ íad.
¶ Agus dob íad a sealḃa agus a náite coṁnuiḋe, Bétel gun a bailtiḃ, agus Naaran don taóiḃ ṡoir, agus Geser gun a bailtiḃ, don táoiḃ ṡíar; Seċem mar an gcéadna gun a bailtiḃ, go nuige Gása agus a bailte.
Agus do ċuáiḋ an téora ann sin leaṫ re Lus, go taoiḃ Lus, (noċ ar bé Betel), buḋ ḋeas; agus ṫáinic an téora a núas go Hatarot‐adar, láiṁ ris an gcnoc atá don taóiḃ ó ḋeas do Ḃeṫóran íoċdaraċ.