10 ¶ Agus níor ḋíbir siad amaċ na Cananítiġ do ċoṁnuiġ a Ngéser: aċd do áitreaḃadar na Cananítiġ a measc na Neṗraimíteaċ gus a niuġ, agus foġnuid faoi áirdċíos dóiḃ.
¶ Agus isé so fáṫ an ġeárṫa do ṫóg an ríġ Solaṁ; do ḋéanaṁ tiġe an TIĠEARNA, agus a ṫiġe féin, agus Millo, agus balla Ierusalem, agus Hasor, agus Megiddo, agus Geser.
Oír do ċúaiḋ Ṗárao riġ na Hégipte súas, agus do ġaḃ se Geser, agus do loisg í le teine, agus do ṁarḃ sé na Canáanitíġ do aítreiḃ ann sa ccaṫruiġ, agus ṫug sé mar ṫioḋlacaḋ dá inġin, do ṁnáoi Ṡoluiṁ í.
¶ Agus ar son na Iebusíteaċ dúṫċusaiġ Ierusalem, níor ḟéad clann Iúdah a ndíbirt amaċ: aċd aítreaḃuid na Iebusitiġ maille re cloinn Iúdah ann Ierusalem gus a niuġ.