Agus do táirrngioḋ an téora ó ṁullaċ an ċnuic go nuige tobar uisge Neṗtoah, agus do ċuáiḋ amaċ go caiṫreaċaiḃ ṡléiḃe Eṗron; agus do ṫáirngeaḋ an téora go Báalah noċ ar bé Ciriat‐Iarim:
Agus do tairrngeaḋ an téora as sin, agus do ṫimċill sí coirneal na fairge buḋ ḋeas, ón ċnoc atá as coinne Ḃeṫóron buḋ ḋeas; agus do ḃádar a dula amaċ sin ag Ciriat‐baal, (noċ ar bé Ciriat‐iearim), caṫair lé cloinn Iúdah: do buḋ í so an ċeaṫraṁ ṡíar.
Agus do ġluáisiodar clann Israel ar a naġuiḋ, agus tangadair dá gcaiṫreaċaiḃ an treas lá. A nois dob íad a ccaiṫreaċa Gibeon, agus Ceṗirah, agus Beerot, agus Ciriat‐iarim.
Agus tangadar muinntir Ċíriat‐Iárim, agus rugadar leó súas aírc an TIĠEARNA, agus tugadar a steaċ í go tiġ Abinadab ansa ċnoc, agus do náoṁadár a ṁac Eleásar do ċoiṁéad airc an TIĠEARNA.