Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 15:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus do ċuáiḋ an téora amaċ re táoḃ Ecron buḋ ṫuaiġ: agus do táirngeaḋ an téora go Sicron, agus ráinic ar fad go slíaḃ Baalah, agus do ċúaiḋ amaċ go Iabneel; agus do ḃádar a dula amaċ na teorann ag an ḃfairge.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 15:11
15 Iomraidhean Croise  

Agus a duḃairt sé ris, Is marso a deir an TIĠEARNA, Do ḃríġ gur ċuir tú teaċda dfíafruiġe sgéul do Ḃaalsebub día Ecron, an do ċionn naċ raiḃ Día an Israel a ḃfíafroċaḋ scéula dá ḃreiṫir? air a naḋḃarsin ni ṫiucfa tú a núas don leabuiḋsin air a ndeacuiḋ tú súas, aċd do ġeaḃa tú bás go deṁin.


Agus a duḃradarsan ris, Ṫáinic duine súas ar ccoinne, agus a duḃairt sé rinn, Imṫiġiḋ, eirġiḋ a ris ċum an ríġ ó ttangaḃair, agus abruiḋ ris. Is marso a deir an TIĠEARNA, An do ċionn naċ ḃfuil Día ann Israel, ċuirios tú teaċda dfíafruiġ do Ḃaal‐sebub día Ecron? ar a naḋḃarsin ní ṫiucfa tú a núas as an leabuiḋsin ar a ndeaċaiḋ tú suas, aċd do ġeaḃa tú bás go deiṁin.


Agus do ċúaiḋ sé amaċ agus do ċoguiḋ sé a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ, agus do ḃrís sé síos balla Ġát, agus balla Iabneh, agus balla Asdod, agus do rinne sé caiṫreaċa timċioll Asdod, agus a measc na Ḃṗilistíneaċ.


Agus ar son na teórann táoḃ ṡíar, biáiḋ a nfairge ṁór agad mar ṫeóruínn: buḋ í so do ṫeórann ṡíar.


Agus táiníc an téora timċioll ó Ḃaalah táoḃ ṡíar go slíaḃ Seir, agus ráinic ar fad go táoḃ ṡléiḃe Iearim (noċ annois is Ċesalon), don taóiḃ ó ṫuáiġ, agus ċuáiḋ síos go Bet‐semes, agus ráinic as sin go Timnah:


¶ Agus do ḃí an téora ṡíar gus na ḃfairge ṁóir, agus gus a cósta sin. Is é so cósta ċloinne Iúdah timċioll fa gcuáirt do réir a ṁuintear.


Ecron, gun a ḃailtiḃ, agus a ġráganuiḃ:


Agus do táirrngioḋ an téora ó ṁullaċ an ċnuic go nuige tobar uisge Neṗtoah, agus do ċuáiḋ amaċ go caiṫreaċaiḃ ṡléiḃe Eṗron; agus do ṫáirngeaḋ an téora go Báalah noċ ar bé Ciriat‐Iarim:


Mar an ccéadna do ġaḃ Iudah Gása maille re na cósduiḃ, agus Ascelon maille re na cóstuiḃ, agus Ecron maille re na cóstuiḃ.


¶ Agus do éirġeadar muinntir Israel, agus muinntir Iúdah, agus do ġáireadar, agus do leanadar na Ṗilistiniġ, nó go tí tú go gléann, agus go geataiġ Ecron. Agus an luċd do loiteaḋ do na Ṗilistiniḃ do ṫuiteadar síos annsa tsliġe go Saaraim, go nuige Gát, agus go nuige Ecron.


¶ Uimesin do ċuireadar airc Dé go Hecron. Agus tárla, mar ṫáinic aire Dé go Hecron, gur éiṁġeadar na Hecronítíġ, ḋá ráḋ, Ṫugadar timċioll airc Dé Israel ċuguinne dar marḃaḋ, agus do ṁarḃaḋ ar muinntire.


¶ Do ċuireadar teaċda úaḋa ar a naḋḃarsin agus do ċruinníġeadar tiġearnaḋa na Ḃṗilistíneaċ uile ċuca, agus a duḃradar, Cred do ḋéanam re háirc Dé Israel? agus do ḟreagradarsan, Beirṫear airc Dé Israel fá gcuáirt go Gát. Agus do rugadar aírc Dé Israel fa gcuáirt don náit sin.


Agus na caiṫreaċa do ḃeanadar na Ṗilistiniġ do Israel do haisigeaḋ Dísrael íad, ó Ecron go nuige Gát; agus a ccóstaḋa sin do ḃuáin Israel as láṁuiḃ na Ḃṗilistineaċ. Agus do ḃí síoṫċáin idir Israel agus na Hamoritiġ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan