Tuilleaṁ oile, an tan roinnfiḋe le crannċar an tír mar óiġreaċt, ofráilfiḋe ofráil don TIĠEARNA, roinn náoṁṫa do nfearann: buḋ é a ḟad cúig míle ḟiṫċiod slat, agus buḋ é a leiṫead deiċ míle. Agus biáiḋ so náoṁṫa iona uile ṫeorannuiḃ timċioll fa ccuáirt.
Do ḃuáil Maóise óglaċ an TIĠEARNA agus clann Israel íadsin: agus ṫug Maóíse óglaċ an TIĠEARNA sin mar ṡeilḃ do na Reubenítiḃ, agus do na Gadítiḃ, agus do leiṫṫreaḃ Ṁanasseh.
Oír is mar áon ríu do ġaḃadar na Reubenítiġ agus na Gadítiġ a noiġreaċd, noċ ṫug Máoise ḋoiḃ, taoḃ ṫall do Iordan leaṫ ṡoir, eaḋon mar ṫug Máoise óglaċ an TIĠEARNA ḋóiḃ;