Agus tárla na ḋiáiġ so, gur ḟiafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, An raċa mé súas go haon do ċaiṫreaċaiḃ Iúdah? Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Eiriġ súas. Agus a duḃairt Dáiḃi, Cait suas a raċa me? Agus a duḃairt seision, Go Hébron.
Agus ar son na mbailteaḋ, gon a maċairiġiḃ, do ċoṁnuiḋ cuid do ċloinn Iúdah ann Ciriat‐arba, agus iona bailtiḃ, agus ann Dibon, agus iona bailtiḃ, agus ann Iecabseel, agus iona bailtiḃ,
Is áon mo ċolum, mo neaṁṫruailliġṫe; aon aṁain a maṫár í, isí aon toġṫa an tí rug í. Do ċoncadar na hinġeana í, agus do ḃeannuiġeadar í; do ṁol fós, na bainríoġna agus na leannáin í.
Ṫáinic Hebron ar a naḋḃarsin ċum ḃeiṫ na hoiġreaċd ag Caleb mac Ieṗunneh an Cenesiteaċ gus a niuġ, do ḃríġ gur lean sé go hiomlán an TIĠEARNA Día Israel.
Agus ṫug sé do Ċáleb ṁac Ieṗunneh a ċuid a measc ċloinne Iúdah do réir aiṫne an TIĠEARNA do Iosua, eaḋon caṫair Arba aṫair Anac, noċ ar ḃí an caṫair sin Hébron.
Ṫugamar ionnsuiġe ar an ttáoḃ ó ḋeas do na Ċeretíteaċaiḃ, agus ar na gcósta ḃeanas ré Iúdah, agus ar an ttáoḃ ó ḋeas do Ċáleb; agus do loisgeamar Siclag le teine.