Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 14:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Annois ar a naḋḃarsin taḃair ḋaṁ an slíaḃso, dar laḃair an TIĠEARNA san lásin; óir do ċúala tú an lá sin mar do ḃádar na Hanacimiġ annsin, agus go raḃadar na caiṫreaċa mór daingion: má ḃíonn an TIĠEARNA liom, tiucfa ḋíom ar a ccur amaċ, mar a duḃairt an TIĠEARNA.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 14:12
21 Iomraidhean Croise  

Do bféidir go ccluinfeaḋ do ṪIĠEARNA Día bríaṫra Rabsaceh uile, noċ do ċuir ríġ na Hassíria a ṁáiġistir daiṫiseaḋ an Dé ḃí; agus go nimḋeargfaḋ na bríaṫra noċ do ċúala do ṪIĠEARNA Día: uimesin tóg súas do ġuiḋe ar son an nfuiġill do fágḃaḋ.


Agus déiġ Asa air A ṪIĠEARNA Día, agus a duḃairt, A ṪIĠEARNA, as beag agadsa caḃair do ṫaḃairt, ceaċtar acá lé móran, nó luċd gan neart: taḃair ḋúinne caḃair, a ṪIĠEARNA ar Ndía; óir is ort ċuirmid sinn féin, agus an ṫainmsi ṫeiġmid á naġaiḋ a niomudse. O a ṪIĠEARNA, is tú ar Ndía; ná beireaḋ duine búaiḋ órt.


Oír ní re na gcloiḋeaṁ do ġaḃadar oiġreaċd a nfearuinn, agus ní hí a láṁ féin do ṡáor íad: aċt do láṁ ḋeassa, agus do ríġ, agus solus haiġṫe, do ḃríġ go raiḃ tú faḃarṫaċ ḋóiḃ.


A Ndía do ḋéanam gaisge: agus sailteoruiḋ se síos luċt ar mbúaiḋearṫa.


Giḋeaḋ atáid na dáoine áitreaḃas annsa dúṫaiġ láidir, agus atáid a gcaṫireaċa do ḃallaḋuiḃ, agus atáid roṁór: agus fós do ċonncamar clann Anac annsin.


Agus do ċoncamar annsin aiṫiġ, mic Anac, a ṫig úaṫ na faṫiġiḃ: agus du ḃámairne ann ar raḋarc féin mar ḋreóllánuiḃ teasbuiḋ, agus do ḃámar ann a raḋarcsion fós mar án gcéadna.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Ná bíoḋ eagla ort roiṁe: óir do ṡeaċaid misi ad láiṁ é, agus a ḋáoine uile, agus a ḋúṫuiġ; agus do ḋéana tú ris mar do rinne tú re Síhon riġ na Namoríteaċ, noċ do ċoṁnuiġ an Hesbon.


Uime sin créd a déaram fa na neiṫiḃsi? Ma atá Día linn, cia ḟéadus ḃeiṫ ar naġuiḋ?


Cáit a raċum súas? do ḋroiċṁeisniġeadar ar ndearḃráṫre ar gcroiḋe, ḋá ráḋ, Is mó agus is árraċduiġ na daoine úd ná sinne; atúid na caiṫreaċa mór agus ár na mballuġaḋ súas go neaṁ; agus fós do ċoncamar mic Anacim ann.


Eist, ó a Israel: Atá tú ag dul tar Iordan san ló aniuġ, do ṡealḃuġaḋ cineaḋaċ is mó agus is láidre ná ṫú féin, caiṫreaċa mora agus cuṁdaiġṫe súas go neaṁ,


Tuig ar a naḋḃarsin a niuġ, gur bé an TIĠEARNA do Ḋía, ṫéid roṁad; mar ṫeiniḋ loisgniġ claoiḋfiḋ sé íad, agus cuirfe sé sios íad as coinne haiġṫe: mar sin ḋíbéorus tú amaċ íad, agus scriostas tú go lúaṫ íad, mar a duḃairt an TIĠEARNA riot.


Tig ḋíom na huile neiṫe do ḋéunaṁ tré Ċríosd noċ do neartuiġeas mé.


Noċ tré ċreideaṁ da ḃúaḋuiġ ríoġaċda, do oibriġ fíréuntaċd, do ġnoḋuiġ na geallaṁnaċa, do sdop beóil na leoṁan,


Agus do ḋíbir Cáleb as sin triúr mac Anac, Sesai, agus Ahiman, agus Talmaí, clann Anac.


Agus tugadar Hebron do Ċaleb, mar a duḃairt Máoise: agus do ḋíbir sé as sin trí mic Anac.


Agus a duḃairt Ionatan ris a nóganaċ do iomċair a airm, Gluáis, agus deanum anonn go gárda na ndáoine neṁṫimċill‐ġeárrṫasa: dob éidir go noibreoċaḋ Día air ar son: óir ní ḃfuil toirṁeasg ar an TTIĠEARNA dídean da ḋéanaṁ lé mórán nó lé beagán.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan