11 Atáim fós coṁláidir a niuġ, agus do ḃí mé an lá do ċuir Maoíse úaḋ mé: mar do ḃí mo neart an tansin, is aṁluiḋ atá mo neart annois, do ḋéanaṁ cogaiḋ, agus do ḋul amaċ, agus a steaċ.
Láeṫe ar mbliaḋna is deiċ mbliaḋna agus trí fiṫċid íad; agus má ḃid tre neart ceiṫre fiṫċid, is sáoṫar agus dioṁaoineas a neart; oir géarrṫar amaċ é go deiṫniosaċ, agus teiṫmíd roṁuinn.
Aċt an drong ḟeiṫios air an TTIĠEARNA aṫnúaḋuiġid síad a neart; éreoċuid súas le sciaṫánuiḃ aṁuil iolair; rioṫfaid siad, agus ní ḃéid coirṫe; agus siuḃoluid, agus ní ḃéid síad anḃfann.
Agus a duḃairt sé riú, Atáimsi a niuġ céad agus fiċṫe blíaġain daóis; ní ḟéaduim ní sa ṁó dul a steaċ nó teaċd amaċ: mar an gcéadna a duḃairt an TIĠEARNA riom, Ní raċa tú a nonn tar an Iordán sa.
Agus féaċ, a nois, do ċoinnuiṁ an TIĠEARNA béó mé, mar a duḃairt sé, na cúig ḃlíaḋna agus dá ḟiṫċiod so, eaḋon ó laḃair an TIĠEARNA an focalso re Máoise, an feaḋ do ḃádar elann Israel ar seaċran sán ḃfásaċ: agus a nois, ċeana, atáim a niuġ ceiṫre fiṫċid agus cúig blíaḋna daóis.