8 Oír is mar áon ríu do ġaḃadar na Reubenítiġ agus na Gadítiġ a noiġreaċd, noċ ṫug Máoise ḋoiḃ, taoḃ ṫall do Iordan leaṫ ṡoir, eaḋon mar ṫug Máoise óglaċ an TIĠEARNA ḋóiḃ;
Annois is íadso ríġṫe na gcríoċ, do ḃuáil clann Israel, agus dar ṡealḃuiġeadar a ḃfearann ar an taoḃ oile do Iordán leaṫ ré héirġe na gréine, ó naḃuinn Arnon go sliaḃ Hermon, agus an réiteaċ uile ar an ttaóiḃ ṡoir:
Do ḃuáil Maóise óglaċ an TIĠEARNA agus clann Israel íadsin: agus ṫug Maóíse óglaċ an TIĠEARNA sin mar ṡeilḃ do na Reubenítiḃ, agus do na Gadítiḃ, agus do leiṫṫreaḃ Ṁanasseh.
Agus a nois ṫug ḃur TTIĠEARNA Día socaṁal dá ḃur ndearḃráiṫriḃ, mar do ġeall sé ḋóiḃ: annois ar a naḋḃarsin filliḋsi, agus éirgiḋe dá ḃur ttiġṫiḃ, agus go fearann ḃur sealḃa, noċ ṫug Maóise óglaċ an TIĠEARNA ḋaóiḃ don taóiḃ oile do Iordan.
Agus do ċuadar cuid do na Heaḃruiḋiḃ a nonn tar Iordan go tír Ġad agus Ġíléad. Agus ar son Ṡauil, do ḃí se fós a Ngilgal, agus do leanadar na dáoine uile é ar coiṁċriṫ.