Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 13:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus dúṫaiġ na Ngibliteaċ, agus Lebanon uile, leaṫ re héirġe gréine, ó Ḃaalgad faói ṡlíaḃ Hermon go dul a steaċ go Hamat.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 13:5
14 Iomraidhean Croise  

Agus sáoir Ṡoluiṁ agus saóir Hiram, agus na snoiġeadóiriġ cloċ do ṡnoiġeadar íad: mar sin do ġléusadar aḋmad agus cloċa do ċur an tiġe súas.


¶ Agus an tansin do rinne Solaṁ féusta, agus Israel uile na ḟoċair, coiṁṫionól ṁór, ó mar ṫéid tú a steaċ go Hamat go nuige aḃuinn na Hégipte, a laṫair an TTIĠEARNA Día, seaċd la agus seaċd lá, eaḋon ceiṫre lá ḋéag.


Gébal, agus Ammon, agus Amalec; na Ṗilistiniġ maille ris an ndroing ċoṁnuiġios ag Tíor;


Naċ ḃfuil Calno mar Ċarċémis? naċ ḃfuil Hamat mar Arṗad? naċ ḃfuil Samária mar Ḋamascus?


Annsin do ġaḃadar an ríġ, agus rugadar súas é ċum ríġ na Babilóine go Riblah a ḃfearann Hamat; mar a rug sé breiṫeaṁnus air.


Dob íad sinnsir Ġebal agus a daoine glioca do ḃí ionnad luċt do neartuiġṫe: do ḃádar loingios na fairge uile maille re na máirneulaċaiḃ ionnad do ḋéanaṁ do ċeannuiġeaċda.


Imṫiġiḋ siḃsi go Calneh, agus feuċuiḋ; agus éirġiḋe as sin go Hemat mór: annsin imṫiġiḋ síos go Gát na Ḃṗilistineaċ: an féarr íad náid na rioġaċtasa? nó an mó a tteórainn ná ḃur tteóruinnsi?


¶ Marsin do ċúadar suas, agus do spíonadar an tír ó ḟásaċ Sin go Rehob, mar a ttigid dáoine go Hamat.


O ṡlíaḃ Hor cinnfe tú go dul a steaċ Hamat; agus biáiḋ dul amaċ na teórann go Sédad:


Filliḋ, agus gluáisiḋ íonḃur sliġe, agus éirġiḋ go slíaḃ na Namoriteaċ, agus don nuile áit láiṁ ris, annsa réiteaċ, annsna cnocuiḃ, agus annsa ġleann, agus buḋ ḋeas, agus láiṁ ris an ḃfairge, go dúṫaiġ na Gcanaaníteaċ, agus go Lebanon, go suiġe an naḃuinn ṁóir, aḃuinn Euṗrates.


Guiḋim ṫú, léig ḋaṁ dul anonn, dféaċuin a nfearuinn ṁaiṫ atá táoḃ ṫall do Iordan, an slíaḃ maiṫ sin, agus Lebanon.


Eaḋon ó ṡliaḃ Hálac, ṫéid súas go Seir, go Baal‐gad a ngleann Lebanon raoi ṡlíaḃ Hermon: agus do ġaḃ sé a riġṫe uile, agus do ḃuáil íad, agus do ṁarḃ sé íad.


Agus ċum an Ċananítiġ ṡoir agus ṡíar, agus ċum an Namorítiġ, agus ċum an Hititiġ, agus ċum an Ṗerisitiġ, agus ċum an Iebusítiġ annsna sléiḃtiḃ, agus ċum an Hiḃitiġ faói Hermon a ttír Mispeh.


¶ Agus is íadso ríġṫe na críċe do ḃuáil Iosua agus Israel don taóiḃsi do Iordan taóiḃ ṡíar, ó Ḃaal‐gad a ngleann Lebanon go slíaḃ Hálac, ṫéid súas go Seir; noċ ṫug Iosua do ṫreaḃuiḃ Israel mar ṡeilḃ do réir a ronna;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan