Agus do ṫeiṫiodar an ċuid oile go Haṗec, don ċaṫair; agus do ṫuit balla ar ṡeaċd míle ḟiṫċiod fear dar fágḃaḋ. Agus do ṫeiṫ Ben‐hadad, agus ṫáinic don ċaṫruiġ, go seomra a ḃfad a steaċ.
¶ Mar sin do ḃuáil Iosua tír na slíaḃ, agus an taoiḃ ó ḋeas, agus na gleánnta, agus na sruṫ, agus a ríġṫe uile: níor ḟág neaċ béo ḋíoḃ, aċ do scrios sé uile an ṁéid iona raiḃ anáil, mar do aiṫin an TIĠEARNA Día Israel.
Agus ċum an Ċananítiġ ṡoir agus ṡíar, agus ċum an Namorítiġ, agus ċum an Hititiġ, agus ċum an Ṗerisitiġ, agus ċum an Iebusítiġ annsna sléiḃtiḃ, agus ċum an Hiḃitiġ faói Hermon a ttír Mispeh.
Agus ṫáinic bríaṫar Ṡamuel go Hisrael uile. Anois da ċúadar Israel ċum caṫa amaċ a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ, agus do ṡuiġeadar re taoḃ Ebeneser: agus do rinneadar na Ṗilistiniġ foslungṗort ann Aṗec.