32 Siad so na tíorṫa do rann Máoise mar oiġreaċd a réiteaċ Moab, don táoiḃ oile do Iordan, láiṁ ré Ieriċo, leaṫ ṡoir.
Agus leaṫ Gílead, agus Astárot, agus Edrei, caiṫreaċa do rioġaċd Og a Mbásan, noċ do ḃain re cloinn Ṁaċir ṁíc Manasseh, eaḋon do leaṫ ċloinne Maċir do réir a mumtear.
Aċt do ṫreiḃ Leḃi ni ṫug Máoise oiġreaċd air biṫ: Do be an TIĠEARNA Día Israel a noiġreaċdsan, mar a duḃairt sé riú.
Oír ṫug Maóise oiġreaċd ḋá ṫreiḃe agus leiṫṫreiḃ uaḋ ar an ttáoiḃ oile do Iordan: aċd do na Leḃítiḃ ní ṫug sé oiġreaċd na measg.