Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 13:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 O Ṡihor, noċ atá as coinne na Hégipte, air fad go himliḃ Ecron buḋ ṫúaiḋ, noċ áirṁiṫior do na Canaanítiḃ: cuig Tiġearnuiġ na Ḃfilistineaċ; na Gasatitiġ, agus na Hasdotítiġ, na Hescalonítiġ, na Gittitiġ, agus na Hecronítiġ; mar an gcéadna na Haḃitiġ:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 13:3
18 Iomraidhean Croise  

Agus mic Ham: Cus, agus Misraim, agus Ṗut, agus Canáan.


Annsa ló ċeudna sin do rinne an TIĠEARNA cuimraḋ ré Abram, ḋá ráḋ; Dot ṡíolsa ṫug mé an tírsi, ó aḃuinn na Héigipte go nuige an sruṫ mór, sruṫ Euṗrátes:


¶ Agus an tansin do rinne Solaṁ féusta, agus Israel uile na ḟoċair, coiṁṫionól ṁór, ó mar ṫéid tú a steaċ go Hamat go nuige aḃuinn na Hégipte, a laṫair an TTIĠEARNA Día, seaċd la agus seaċd lá, eaḋon ceiṫre lá ḋéag.


Marsin do ċruinniġ Dáiḃi Israel uilé a ccionn a ċéile, ó Ṡihor na Hégipte go dul a steaċ Hemat, do ṫaḃairt aírce Dé ó Ċiriat‐iearim.


Agus a nuisceaḋuiḃ móra atá síol Sihor, isé foġṁar na haḃann, a cíos, agus sí is mór‐áonaċ do ċineaḋaċaiḃ.


¶ Agus a nois cred atá agad re a ḋéanaṁ a sliġe na Hégipte, dól uisce Sihor? nó cred atá agad re ḋéanaṁ a sliġe na Hassíria, dól uisce na haḃanna?


Agus na Haḃimiġ noċ do ċoṁnuiġ ann Haserim, go nuige Assah, do ḋibreadar na Caṗtorimiġ íadsin, noċ ṫáinic amaċ as Caṗtor, agus do áitreaḃadar na nionad.


Giḋeaḋ níor scriosadar clann Israel na Gesurítiġ, ná na Maaċatitiġ: atáid na Gesurítiġ agus na Maaċátitiġ na gcoiṁnuiġe a measc Israel gús a niuġ.


Agus tangadar tiġearnuiḋe na Ḃḟilistíneaċ ċuice, agus a duḃradar ría, Meall é, agus féaċ cáit a ḃfuil a neart mór, agus ciondus ḟéadfuimne buáiḋ do ḃreiṫ air, ċor go ḃféadfam a ċeangal da ṗíanaḋ: agus do ḃéaram ḋuit gaċ aon aguinn áoinċéaddéag píosa airgid.


Mar atá, cúig tiġearna na Ḃfilistíneaċ, agus na Canaanítiġ uile, agus na Sidónianuiġ, agus na Hiḃitiġ do áitriḃ a slíaḃ Lebanon, ó ṡlíaḃ Baalhermon go nuige dul a steaċ go Hámat.


Agus do ġaḃadar na Ṗilistiniġ aírc Dé, agus tugadar ó Eben‐eser go Hasdod í.


¶ Uimesin do ċuireadar airc Dé go Hecron. Agus tárla, mar ṫáinic aire Dé go Hecron, gur éiṁġeadar na Hecronítíġ, ḋá ráḋ, Ṫugadar timċioll airc Dé Israel ċuguinne dar marḃaḋ, agus do ṁarḃaḋ ar muinntire.


¶ Do ċuireadar teaċda úaḋa ar a naḋḃarsin agus do ċruinníġeadar tiġearnaḋa na Ḃṗilistíneaċ uile ċuca, agus a duḃradar, Cred do ḋéanam re háirc Dé Israel? agus do ḟreagradarsan, Beirṫear airc Dé Israel fá gcuáirt go Gát. Agus do rugadar aírc Dé Israel fa gcuáirt don náit sin.


An sin a duḃradarsan, Cred é an nofráil ṡáruiġ noċ ḟillfiom ċuige? Do ḟreagradarsan, Cúig emeróid óir, agus cúig luċa óir, do réir uiḃre ṫiġearnaḋ na Ḃṗilistineaċ: do ḃríġ gurob aonṗláiġ do ḃí oruiḃ uile, agus ar ḃur ttiġearnuiḋiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan